“Go gcaomhnaí Dia mé!” Bhí na SeanGhaeil in ann é seo a rá in aon fhocal amháin. Mar seo a rinne siad é.
1. Tosaigh leis an aidiacht cáem = dear, precious, beloved, caomh.
2. Déan briathar de: cáemaid = treats kindly, cherishes, caomhnaíonn.
(Tugtar briathar dí-ainmneach (denominative verb) ar an gceann a dhéantar ó ainmfhocal nó aidiacht.)
3. Cuir an briathar sa mhodh foshuiteach: cáema X = may X treat kindly, go caomhnaí X.
4. Cé atá le caomhnú? Mise! Cuir an forainm ann: no-m·cháema X = go caomhnaí X mé.
(Tá no- ann leis an mhír -m- (= mé) a choinneáil ina seasamh, sin an méid. Níl aon bhrí eile leis.)
5. Cé hé X? Dia sa chás seo, ach baintear úsáid as focal eile : coimmdiu, a chiallaíonn “tiarna”.
(Bhí an focal seo ann fós sa Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: An Coimdhe.) Is ag an bpointe seo a dhéantar an cleas ar a dtugtar “tmesis” nó “gearradh”. Déantar dhá leath den bhriathar nom·cháema agus cuirtear an t-ainmfhocal coimmdiu (an tiarna) sa bhearna eatarthu:
no-m-choimmdiu-cáema.
(Nod leat: séimhíonn an mhír -m- (= mé) cibé consan a thagann ar a lorg.)
Seo é an focal iomlán mar atá sé le feiceáil mar nóta imill sa lámhscríbhinn St. Gall Priscian, ag bun leathanach 204:
Nod leat: scríobhadh -coíma anseo seachas -cáema. Níl in oí ach leagan malartach de áe.
Nomchoimmdiucoíma!
Go gcaomhnaí Dia mé!
traochta i ndiaidh an píosa sin a léamh! grma. an-spéisiúil!
ReplyDeleteDen Céad Scoth!
ReplyDeleteAn -deas, a Dennis. Ach an raibh sin coitianta sa tseanghaeilge.-- ainmfhocal a chur sa bhearna idir an dá leath den bhriathar? An bhfuil sampla eile agat?
ReplyDeleteThis comment has been removed by a blog administrator.
ReplyDelete