02 Aibreán 2014

Go gcumhdaí Dia mé!


“Go gcaomhnaí Dia mé!” Bhí na SeanGhaeil in ann é seo a rá in aon fhocal amháin. Mar seo a rinne siad é.



1. Tosaigh leis an aidiacht cáem = dear, precious, beloved, caomh.

2. Déan briathar de: cáemaid = treats kindly, cherishes, caomhnaíonn. 
(Tugtar briathar dí-ainmneach (denominative verb) ar an gceann a dhéantar ó ainmfhocal nó aidiacht.)

3. Cuir an briathar sa mhodh foshuiteach: cáema X = may X treat kindly, go caomhnaí X.

4. Cé atá le caomhnú? Mise! Cuir an forainm ann: no-m·cháema X = go caomhnaí X mé. 
(Tá no- ann leis an mhír -m- (= mé) a choinneáil ina seasamh, sin an méid. Níl aon bhrí eile leis.)

5. Cé hé X? Dia sa chás seo, ach baintear úsáid as focal eile : coimmdiu, a chiallaíonn “tiarna”.
(Bhí an focal seo ann fós sa Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: An Coimdhe.) Is ag an bpointe seo a dhéantar an cleas ar a dtugtar “tmesis” nó “gearradh”. Déantar dhá leath den bhriathar nom·cháema agus cuirtear an t-ainmfhocal coimmdiu (an tiarna) sa bhearna eatarthu: 
no-m-choimmdiu-cáema
(Nod leat: séimhíonn an mhír -m- (= mé) cibé consan a thagann ar a lorg.)

Seo é an focal iomlán mar atá sé le feiceáil mar nóta imill sa lámhscríbhinn St. Gall Priscian, ag bun leathanach 204:


Nod leat: scríobhadh -coíma anseo seachas -cáema. Níl in ach leagan malartach de áe

Nomchoimmdiucoíma!
Go gcaomhnaí Dia mé!

4 comments:

  1. traochta i ndiaidh an píosa sin a léamh! grma. an-spéisiúil!

    ReplyDelete
  2. An -deas, a Dennis. Ach an raibh sin coitianta sa tseanghaeilge.-- ainmfhocal a chur sa bhearna idir an dá leath den bhriathar? An bhfuil sampla eile agat?

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete