01 Aibreán 2014

carn an bhriathair


Carn an Bhriathair
The Verbal Complex
An Old Irish Delight

Conas Ceann a Thógáil

1. Tosaigh le briathar simplí:

gaibid = gabhann sé

2. Cuir réamhfhocal leis chun an bhrí a athrú:

fo (= faoi) + gaibid > fo·gaib = faigheann sé

3. Cuir forainm ann: 

fo·gaib + mé > fo-mé-gaib > fom·gaib = faigheann sé mé

4. Déan diúltach é:

ní + fo·gaib + mé > ní-mé-fo·gaib > ním·fhagaib = ní fhaigheann sé mé 

Tá an ceann seo réasúnta simplí. Bíodh áthas ort nach bhfuil briathra an lae inniu chomh casta sin!

4 comments:

  1. M'anam, ach is féidir le briathra an lae inniu bheith sách casta, freisin, a chara...go háirithe na cinn neamhrialta..:-)



    ReplyDelete
  2. An briathar is casta dá bhfuil againn, gan dabht dá laghad, ná an chopail. Níl an méid sin foirmeacha ann, ach tá a comhréir an-chasta go deo.

    ReplyDelete
  3. Tá sé 'defective' freisin, is cosúil..:-) http://www.irishverbs.com/index/copula-sample/

    ReplyDelete
  4. :-) Sea, is briathar uireasach é.

    ReplyDelete