17 Aibreán 2014

An Daghdha


Níl cliú agam cén fáth ar bhaist an t-ealaíontóir Martin Spei “Dagda” ar an bhfirín seo, ach is cosúil gurb é sin an t-ainm atá air.



Deirtear linn in Cath Maige Tuired gur fear ollmhór a bhí sa Daghdha agus go raibh méidithir scabol tige a bolc fair, chomh mór le coire tí a bholg air.  Tá an méid sin fíor anseo! 


Sórt leasainm nó teideal a bhí san ainm Dagda, a chiallaíonn Dea-Dhia. Bhí ainmneacha eile air, mar atá Eochaidh Ollathair agus Ruad Rofessa (an Rua a bhfuil fios mór aige, Rua Ró-fheasa). Níl sé deacair na hainmneacha eile seo a rá i nGaeilge an lae inniu.  Ach céard faoin Daghdha?

Tá focail eile againn atá beo fós a raibh an carn consan -gd- / -ghdh- acu sa tSean-Ghaeilge:

rígda → ríoga

lígda → líoga

bregda → breá

Ségda → Sé

Ar cheart dúinn Dagda / Daghdha a fhuaimniú mar “Dága” ar nós ríoga agus líoga, nó mar “Dá” ar nós breá agus Sé? Tá luí agamsa le Dá mar réiteach ar an ábhar seo: 

Dagda /daγδa/ → /daγγǝ/ → /da:γǝ/ → /da:/ Dá = Da = Dad!

Tá níos mó den Dagda thuas le Martin Spei le feiceáil anseo.

14 Aibreán 2014

Oghma, aguisín



Tá an fógra seo le feiceáil i gCo. Chorcaí. Ba dheas an rud é Oghma a fheiceáil air, dá mbeadh sé ceart ó thaobh na logainmníochta de. Ach is cosúil nach bhfuil. Tá leagan Gaeilge eile air, mar atá Cnoc Camtha, a chiallaíonn Bent Hill nó Crooked Hill. 

Ní dóigh liom go bhfuil an t-ainm Oghma le feiceáil in aon logainm in Éirinn, ná áit ar bith sa Dinnseanchas ná in aon seanchas eile. Dia agus nia* ar neamhaird a bhí ann ar feadh i bhfad. 

* laoch

10 Aibreán 2014

Oghma


Bhí ionadh orm nuair a d'fhoghlaim mé níos luaithe inniu go bhfuil íomhá de dhuine de na seandéithe Éireannacha, Tuatha Dé Danann, teilgthe i gcré-umha, ar fhoirgneamh poiblí in Washington, D.C.


Tá Ogma (Oghma i litriú an lae inniu) ina sheasamh os comhair Sequoyah ar dhoras amháin den John Adams Building de chuid an Library of Congress. Cén fáth a bhfuil an bheirt seo le chéile? Toisc gur chum siad córais litrithe dá muintir.

Níl dabht dá laghad ann gur chum Sequoyah an siollabra a úsáidtear leis an tSeiricis (Cherokee) a scríobh:  


Níl sé chomh cinnte céanna, áfach, gur as Oghma a ainmníodh na litreacha ogham. Chreid an t-ealaíontóir Lee Lawrie é sin nuair a dhear sé na doirse seo sa bhliain 1939:


Chreid Lawrie é sin toisc gurb é sin a deir In Lebor Ogaim, tráchtas meánaoiseach ar an aibítir seo:


atair ogaim ogma m-r ogaim lám nó scian ogma

Athair oghaim Oghma, máthair oghaim lámh nó scian Oghma.

Ogma mac Elathan atá i gceist anseo, ball de Thuatha Dé Danann, seandéithe na nGael.  Luaitear freisin é in Cath Maige Tuired, mar a bhfuil sé ina laoch seachas ina fhile. Tá scoláirí ann inniu a smaoiníonn gurb ionann Ogma na nGael agus Ogmios, dia na solabharthachta i measc na nGallach (Gauls), ach níl an nasc sin gan fadhbanna.

Bhí mínithe eile ag na Gael, áfach, maidir le tús na haibítire ogham. Níor ghlac an t-aos léinn ar fad leis an scéal - nó miotas - thuas. B'fhearr leo scéalta eile. Oghaim ann nó as, is léir go raibh dia darbh ainm Oghma ann - i scéalta agus i miotais - agus tá a íomhá le feiceáil i bpríomhchathair na Stát Aontaithe le beagnach 80 bliain anois!

02 Aibreán 2014

Go gcumhdaí Dia mé!


“Go gcaomhnaí Dia mé!” Bhí na SeanGhaeil in ann é seo a rá in aon fhocal amháin. Mar seo a rinne siad é.



1. Tosaigh leis an aidiacht cáem = dear, precious, beloved, caomh.

2. Déan briathar de: cáemaid = treats kindly, cherishes, caomhnaíonn. 
(Tugtar briathar dí-ainmneach (denominative verb) ar an gceann a dhéantar ó ainmfhocal nó aidiacht.)

3. Cuir an briathar sa mhodh foshuiteach: cáema X = may X treat kindly, go caomhnaí X.

4. Cé atá le caomhnú? Mise! Cuir an forainm ann: no-m·cháema X = go caomhnaí X mé. 
(Tá no- ann leis an mhír -m- (= mé) a choinneáil ina seasamh, sin an méid. Níl aon bhrí eile leis.)

5. Cé hé X? Dia sa chás seo, ach baintear úsáid as focal eile : coimmdiu, a chiallaíonn “tiarna”.
(Bhí an focal seo ann fós sa Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: An Coimdhe.) Is ag an bpointe seo a dhéantar an cleas ar a dtugtar “tmesis” nó “gearradh”. Déantar dhá leath den bhriathar nom·cháema agus cuirtear an t-ainmfhocal coimmdiu (an tiarna) sa bhearna eatarthu: 
no-m-choimmdiu-cáema
(Nod leat: séimhíonn an mhír -m- (= mé) cibé consan a thagann ar a lorg.)

Seo é an focal iomlán mar atá sé le feiceáil mar nóta imill sa lámhscríbhinn St. Gall Priscian, ag bun leathanach 204:


Nod leat: scríobhadh -coíma anseo seachas -cáema. Níl in ach leagan malartach de áe

Nomchoimmdiucoíma!
Go gcaomhnaí Dia mé!

01 Aibreán 2014

carn an bhriathair


Carn an Bhriathair
The Verbal Complex
An Old Irish Delight

Conas Ceann a Thógáil

1. Tosaigh le briathar simplí:

gaibid = gabhann sé

2. Cuir réamhfhocal leis chun an bhrí a athrú:

fo (= faoi) + gaibid > fo·gaib = faigheann sé

3. Cuir forainm ann: 

fo·gaib + mé > fo-mé-gaib > fom·gaib = faigheann sé mé

4. Déan diúltach é:

ní + fo·gaib + mé > ní-mé-fo·gaib > ním·fhagaib = ní fhaigheann sé mé 

Tá an ceann seo réasúnta simplí. Bíodh áthas ort nach bhfuil briathra an lae inniu chomh casta sin!

Arthur Rackham agus Finscéalta Éireannacha


Foilsíodh Irish Fairy Tales le James Stephens sa bhliain 1920 i Londain.  Arthur Rackham a mhaisigh an leabhar lena chuid pictiúr. 


Duine de maisitheoirí leabhair ba mhó clú ab ea Rackham ar feadh Ré Órga an Leabhair sa Bhreatain, a mhair ó 1900 go dtí tosach an Chéad Chogaidh Dhomhanda.


Tá Project Gutenberg tar éis an leabhar seo leis na pictiúir ar fad a chur ar fáil ar an idirlíon. Tá cuid de na pictiúir beag, cuid acu mór, cuid acu dubh is bán, cuid acu dathach. Is féidir linn lánúsáid a bhaint astu anois gan chostas ar bith. 


Tá samhlaíocht agus beogacht iontu atá úr fós, ós fada a chonaic muid a leithéid.

Cliceáil le méadú, mar is iondúil.