18 Meán Fómhair 2013

méanar & maynrey



Mogenair

Ceist a fuair mé ó Chiarán Dunbarrach ba thús leis an mblagmhír seo: 

Aon bharúil cad is sanas leis an fhocal Manannach ‘manrey’?

“Sona, sásta” a chiallaíonn“maynrey”, mar atá le feiceáil san abairt seo:

Ta mee maynrey dy vel oo maynrey! = Tá áthas orm go bhfuil áthas ort! 

An chéad rud atá le tabhairt faoi deara ná go bhfuil “maynrey” an-chosúil, in ainneoin an litrithe, le “méanra”, focal a bhí (atá?) le cloisteáil i nDún na nGall dar leis an Athair Dinneen. Leagan malartach de “méanar” is ea “méanra”.  Tá go maith, ach cad as do “méanar”?

Ní hansa! Seo é a scéal go hachomair:

maith + génair → mad-génair → mod-génair → mo-génair → mogénar → méanar

Thosaigh an tsraith seo míle bliain ó shin leis an gciall “maith + rugadh / was well born” agus críochnaíonn sé le focal nua a chiallaíonn “sona, fortúnach.” 

5 comments:

  1. Tá 'Nach méanar duit!' cloiste go minic agam, go deimhin, a Dennis, ach ní bheinn róchinnte nach in éad leis an bhfaighteoir a bhíonn an gearrchainteoir, ó am go chéile..;-)

    ReplyDelete
  2. Ach… nach féidir beagnach chuile rud a rá le híoróin? Nó le teann searbhais?

    ReplyDelete
  3. An é gurb ionann "Nach méanar duit" agus "Nach maith a gineadh thú!"?

    ReplyDelete
  4. Is ionann, ó thaobh na staire de ar aon nós!

    ReplyDelete