23 Meán Fómhair 2013

sram & ramallae



Tá cnuasach focal agam anseo a bhfuil “sliminess” agus an siolla -r(e)am- i gcoitianta acu. 

Tá an chéad dá cheann le fáil i dtéacsanna ón 17ú haois (Rosa Anglica i nGaeilge agus Annála na gCeithre Máistrí), agus an tríú ceann ón gcéad leath den 18ú haois (Foclóir Beaglaich & Cuirtin). Tá na cinn eile le fáil i leabhair a foilsíodh sa 20ú haois.

1. srem - a discharge from the eyes

2. réma (< Lat. rheuma) - rheum, phlegm

3. réamadh bhios san gceann (sainmhíniú de “pose” = head cold)

4. réam / réamadh - phlegm, rheum, catarrh

5. sream / sreamadh - matter running from the eyes

6. sram - (of eyes) gum; mucous discharge; rheum, slaver; slime

7. sréamlóg - slimy track

8. ramalach - slime or stagnant water (Connacht)

9. ramallae - slime (slime on fish ~ Kilkenny & Waterford)

10. ramallag - puddle (Scottish Gaelic)

Is féidir (dócha?) go bhfuil 1-6 gairid i ngaol. Céard faoi na cinn eile? An comhtharlú ar fad é go bhfuil an siolla ram- againn in uimhreacha 8-9 freisin? Cá seasann 7? 

2 comments:

  1. s caillte sna cinn eile? Nó s bhreise fearacht teach > stigh?

    ReplyDelete
  2. Is cosúil gur focal dúchasach “sream / sram” a tháinig ón bhfréamh IE *sreu- (sruthaigh, sruth, stream). Tháinig “rheuma” na Gréigise ón bhfréamh céanna agus tháinig sé isteach sa Ghaeilge mar iasacht níos déanaí.

    ReplyDelete