Is ó thwíteoir darb ainm Mamaí Mhór a fuair mé an nath seo. Smaoinigh air: lá is oíche, samhradh is geimhreadh, anáil isteach, anáil amach, bia isteach, cac amach, etc. etc. etc.
Dá mba róbat tú, seans gur mar shíntonn rialta a bheadh do shaol, ach más neach beo thú, ní hamhlaidh duit. Cuma más miocrób, planda, feithide, éan nó mamach tú, níl aon dá lá ar an dul céanna agus sin ceann de thréithe na beatha. Ó, cinnte, tá rialtacht éigin ag baint le beithsine chuile rud atá beo, ach aontonacht na síntoinne, fág sin don chloch eibhear.
Ainneoin gur innealtóir mé, níor thuig mé síntonn! B'fhearr liom moladh eile Focal "tonn sínis"
ReplyDeleteNí rud nua an léargas seo, áfach. Cé gur dóigh liom gur cineál héilics atá i gceist leis an saol - athraíonn rudaí, ach bíonn athdhéanamh i gceist.
Dála an scéil. "Dlí na Droimneachta" a thug C.S. Lewis ar seo.
ReplyDeletehttp://www.ubfriends.org/2010/07/04/the-law-of-undulation-a-concept-by-c-s-lewis/
An cuimhin leat an bréagán an Slinky™? Sin é íomhá is samhail an tsaoil!
ReplyDeleteIs síntonn an nádúr, a Dennis. Ach is rollchóstóir an saol ;)
ReplyDeleteNi bhíonn a fhios agam féin, leath den am, an ag teacht nó ag imeacht atáim - síntonn tuathail, seans..:-)
ReplyDeleteThíos seall, thuas seall.
ReplyDeleteDá mba róbat tú, seans gur mar shíntonn rialta a bheadh do shaol, ach más neach beo thú, ní hamhlaidh duit. Cuma más miocrób, planda, feithide, éan nó mamach tú, níl aon dá lá ar an dul céanna agus sin ceann de thréithe na beatha. Ó, cinnte, tá rialtacht éigin ag baint le beithsine chuile rud atá beo, ach aontonacht na síntoinne, fág sin don chloch eibhear.
ReplyDelete