15 Meán Fómhair 2013

eineach, a scéal



Phléigh mé “eineach” mar chuid den fhocal “leathanach” (leath + eineach) an lá cheana. Cad as dó, an focal ársa seo a chiallaíonn “aghaidh”?

Ó thaobh na sanasaíochta de, séard a chiallaíonn “eineach” ná “tá súile ann”. Beacht agus an-ghonta mar shainmhíniú!

Seo iad na c éimeanna atá taobh thiar de ón Ind-Eorpais anuas go dtí an lá inniu. Tosóidh muid le dhá fhocal Ind-Eorpaise:

*eni “in” + *h3eku̯-, fréamh leis an gciall “feic, breathnaigh”

Tháinig siad le chéile sa chomhfhocal *eni-h3ku̯o- “a bhfuil súile ann,” *eni-ku̯ā sa Phrota-Cheiltis. (Bahuvrihi a thugtar ar a leithéid de chomhfhocal, má tá suim agat sa chúrsaí seo.)

As sin fuair muid INEQA- agus -INACCA in Ogham, agus “enech” agus “ainech” sa tSean-Ghaeilge.

Bhí ciall thánaisteach leis an bhfocal seo sa tSean-Ghaeilge mar atá “onóir” nó “clú”, díreach mar a úsáidtear “face, loss of face” i dteangacha eile. Bhíodh “lóg n-enech” nó “honour price” ag chuile dhuine ag an am sin.

Tá mé buíoch de David Stifter as a chúnamh leis an tsanasaíocht seo.

1 comment: