11 Deireadh Fómhair 2012

anchúinseach = apotropaic?


Tosóidh mé le ceist. Cad é an Ghaeilge ar “apotropaic”? Is aidiacht é seo a chiallaíonn “déanta chun olc a iompú nó a choinneáil uait”. 


Thóg mé an grianghraf thuas i Luzern. Seanfhoirgneamh atá ann a bhfuil cógaslann,  Alte Suidtersche Apotheke, lonnaithe ann anois. (Féach an chros uaine thuas.) 




Feicfidh tú sa ghrianghraf eile seo gur aghaidh anchumtha, nó aghaidh curtha as a riocht ar a laghad, atá sa niche ar an gcoirnéal. 




Bhí mé ag siúl inné ar shráid sa University District anseo nach dtaithím de ghnáth nuair a thug mé faoi deara an aghaidh seo thuas den chéad uair riamh. Tá tuairim is dosaen acu ar an bhfoirgneamh mór seo, iad uilig mar a gcéanna. Is léir go bhfuil an fear seo an-chosúil leis an bhfear ar an gcoirnéal i Luzern.  Cén fáth an bhfuil siad ann?


Níl mé iomlán cinnte, ach is féidir gur feidhm apotropaic atá acu beirt. Más fíor, tá siad ann leis an droch-shúil, nó olc eile, a iompú, go díreach mar a dhéanann an Gorgon thuas.


Tá scoláirí ann a mhaíonn go mbíodh an fheidhm apotropaic chéanna ag na sheila-na-gigeanna atá le feiceáil fós in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa.

5 comments:

  1. Diongbháil ag FGB agus an Duinníneach araon. Ach ciall eile leis sin freisin.

    ReplyDelete
  2. diongbháil = apotropaic ??? Ní thuigim.

    ReplyDelete
  3. Dar leis an dís, an bun chiall a bhí le diongbháil ná "ward off, repel" - agus is as sin a tháinig an chiall is coitianta anois "maith go leor do"

    ReplyDelete
  4. Feicim anois é. Ach fiú sa tseanteanga, nuair a dhéantear aidiacht de “dingbáil” (ainmfhocal briathartha de “do-ingaib = wards off, takes way”) níl de bhrí leis ach “perfect, complete”. Agus i nGaeilge an lae inniu: diongbháilte = fiúntach, seasmhach, buan, agus mar sin de.

    ReplyDelete
  5. An féidir go raibh áit na croiche gar don fhoirgneamh sin i Luzern na blianta ó shin?

    ReplyDelete