Bhain mé úsáid as an bhfocal “anchúinseach” den chéad uair riamh cúpla lá ó shin, i dtuít. Thaitin sé liom. Nuair a thaitníonn focal liom, is maith liom beagán níos mó a fháil amach faoi. Cad as dó agus céard a tharla dó lena linn?
Is féidir an focal seo a dheighilt ina thrí pháirt, mar atá:
an - cúinse - ach
Is é croí an fhocal seo (aidiacht is ea “anchúinseach”, dála an scéil, a chiallaíonn “monstrous, grotesque”) ná fhocal eile, an t-ainmfhocal “cúinse” a chiallaíonn “face, countenance; aghaidh, dreach”. Focal sách ársa é seo, a bhí againn sa tSean-Ghaeilge mar “cúinsiu”. Seo sampla de as “Fleadh Bhricriu” in Leabhar na hUidhre:
cúinsiu chórad
dreach curaidh / aghaidh laoich
Cuireadh an rémhír “an-” leis seo níos déanaí. Tá an rémhír chéanna le fáil sna focail “anchuma = cosúlacht ghránna mhínádúrtha” agus “anchruth = míchuma; deformity”. Feidhmíonn “an-” le ciall dhiúltach a thabhairt don fhocal. Is ionann “anchúinse” agus “arracht” nó “torathar” mar sin. Maidir leis an iarmhír “-ach”, tá sé ann le haidiacht a dhéanamh d'ainmfhocal, mar atá a fhios ag an saol mór agus a mháthair. An-chúinse-ach. Bad-face-ish.
Mír fiúntach eile le Sanas Dhonncha!
ReplyDeleteAn féidir deá-rud a dhéanamh as?
Sochúinseach?
Deir Etymonline:
ReplyDeletediscountenance: "put to shame," 1570s, from M.Fr. descontenancer (16c.) "to abash," from des- (see dis-) + contenancer.
Tionchar uaidh sin?
@ Caoimhín
ReplyDeleteNí dóigh liom go raibh tionchar díreach ann, ach bhí an smaoineamh céanna ag na Gaeil cheana féin, .i. is ionann eineach (ar “aghaidh” a chiall ó cheart) agus onóir.
Agus chonaic tú, is dócha, an dóigh ar dhíorthaigh Frances White an focal seo, cuinsiu, ó *continintia na Laidine Déanaí.