20 Deireadh Fómhair 2012

Mar a dúirt an cat…



“Nach minic iad na daoine is airde glór na daoine is lú ciall?”

18 Deireadh Fómhair 2012

Níl sé déanta as plaisteach!



Is cuma liom faoi ghábh is baol
chúns atá mo Bhúda maol
suite sona sásta ar mo dheais.

Ní bheidh scáth ná scanradh orm
chúns a bheas mo dhéithín gorm
liom go ceann an aistir is ar ais.

Tá mé saor ó bhuarthaí croí
toisc go bhfuil an firín groí
ag gáire liom gan staonadh ar an deais.


Nod libh: chúns = chomh fada agus

Éist leis anseo.

11 Deireadh Fómhair 2012

anchúinseach = apotropaic?


Tosóidh mé le ceist. Cad é an Ghaeilge ar “apotropaic”? Is aidiacht é seo a chiallaíonn “déanta chun olc a iompú nó a choinneáil uait”. 


Thóg mé an grianghraf thuas i Luzern. Seanfhoirgneamh atá ann a bhfuil cógaslann,  Alte Suidtersche Apotheke, lonnaithe ann anois. (Féach an chros uaine thuas.) 




Feicfidh tú sa ghrianghraf eile seo gur aghaidh anchumtha, nó aghaidh curtha as a riocht ar a laghad, atá sa niche ar an gcoirnéal. 




Bhí mé ag siúl inné ar shráid sa University District anseo nach dtaithím de ghnáth nuair a thug mé faoi deara an aghaidh seo thuas den chéad uair riamh. Tá tuairim is dosaen acu ar an bhfoirgneamh mór seo, iad uilig mar a gcéanna. Is léir go bhfuil an fear seo an-chosúil leis an bhfear ar an gcoirnéal i Luzern.  Cén fáth an bhfuil siad ann?


Níl mé iomlán cinnte, ach is féidir gur feidhm apotropaic atá acu beirt. Más fíor, tá siad ann leis an droch-shúil, nó olc eile, a iompú, go díreach mar a dhéanann an Gorgon thuas.


Tá scoláirí ann a mhaíonn go mbíodh an fheidhm apotropaic chéanna ag na sheila-na-gigeanna atá le feiceáil fós in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa.

09 Deireadh Fómhair 2012

anchúinseach


Bhain mé úsáid as an bhfocal “anchúinseach” den chéad uair riamh cúpla lá ó shin, i dtuít. Thaitin sé liom. Nuair a thaitníonn focal liom, is maith liom beagán níos mó a fháil amach faoi. Cad as dó agus céard a tharla dó lena linn?

Is féidir an focal seo a dheighilt ina thrí pháirt, mar atá:

an - cúinse - ach

Is é croí an fhocal seo (aidiacht is ea “anchúinseach”, dála an scéil, a chiallaíonn “monstrous, grotesque”) ná fhocal eile, an t-ainmfhocal “cúinse” a chiallaíonn “face, countenance; aghaidh, dreach”. Focal sách ársa é seo, a bhí againn sa tSean-Ghaeilge mar “cúinsiu”.  Seo sampla de as “Fleadh Bhricriu” in Leabhar na hUidhre:


cúinsiu chórad
dreach curaidh / aghaidh laoich

Cuireadh an rémhír “an-” leis seo níos déanaí. Tá an rémhír chéanna le fáil sna focail “anchuma = cosúlacht ghránna mhínádúrtha” agus “anchruth = míchuma; deformity”. Feidhmíonn “an-” le ciall dhiúltach a thabhairt don fhocal. Is ionann “anchúinse” agus “arracht” nó “torathar” mar sin. Maidir leis an iarmhír “-ach”, tá sé ann le haidiacht a dhéanamh d'ainmfhocal, mar atá a fhios ag an saol mór agus a mháthair.  An-chúinse-ach. Bad-face-ish.

06 Deireadh Fómhair 2012

an rann is áille


Deir StatCounter liom go raibh suim ag a lán daoine (na Búdaithe níos mó ná na Gaeil?) san aistriúchán a rinne mé den sútra “Croí na Críonnachta”. Seo beagán níos mó Sanscraite daoibh.


le Raja Ravi Varma

Tá an cháil atá ar an drámadóir Kālidāsa san India inchurtha leis an gcáil atá ar Shakespeare abhus anseo. Agus creidtear go forleathan sa tír sin gurb é seo an rann is áille dá chuid, as an dráma Shakuntalā. Ní bhíonn sé éasca áilleacht focal a aistriú ó theanga go teanga, ach rinne mé mo dhícheall anseo.

ramyāṇi vīkśya madhurāns ca niśamya śabdān
paryutsukī bhavati yat sukhito 'pi jantuḥ
tac cetasā smarati nūnam abodhapūrvaṃ
bhāvasthirāṇi jananāntarasauhṛdāṇi


रम्याणि वीक्ष्य मधुरांश्च निशम्य शब्दान् 
  पर्युत्सुको भवति यत्सुखितोऽपि जन्तुः ।
तच्चेतसा स्मरति नूनमबोधपूर्वं 
  भावस्थिराणि जननान्तरसौहृदानि ॥

Le linn dó áilleacht agus binneas a bhlaiseadh,
tagann cian uaireanta ar an duine is sásta;
éiríonn cuimhne ina chroí, i ngan fhios dó,
ar ghrá a fréamhaíodh ann le linn saoil eile.

02 Deireadh Fómhair 2012

Croí na Críonnachta


Tá mé tar éis Gaeilge a chur ar an sútra Sanscraite ar a dtugtar “Croí na Críonnachta Tarchéimnithí”.


rūpam eva śūnyatā
śūnyataiva rūpam

Nuair a bhí Avalokiteśvara ag gluaiseacht i ndoimhneacht na Críonnachta Tarchéimnithí bhreathnaigh sé síos. Chonaic sé cúig chomhbhall an duine, agus iad folamh agus gan téagar.

Anseo, a Mhic Sheáraí, is ionann cruth agus foilmhe, agus is ionann foilmhe agus cruth. Níl foilmhe scartha ó chruth. Níl cruth scartha ó fhoilmhe. Pé rud a bhfuil cruth ann, tá sé folamh. Pé rud atá folamh, tá cruth ann. Tá mothú, smaoineamh, toil, agus comhfhios folamh mar an gcéanna.

Anseo, a Mhic Sheáraí, tá na dúile uile folamh. Níl tús ná deireadh leo. Níl siad íon ná neamhíon, easnamhach ná foirfe.

I bhfoilmhe, a Mhic Sheáraí, níl cruth, mothú, smaoineamh, toil, ná comhfhios. Níl súil ná cluas, srón ná teanga, corp ná intinn. Níl cuma, fuaim, boladh, blas, tadhall, ná an rud a ngreamaíonn an intinn de. Níl réimeas an radhairc ann, suas go dtí réimeas na hintinne. Níl aineolas ann, ná deireadh aineolais. Níl meath is bás ann, ná deireadh le meath is bás. Níl crá, tús an chrá, ná deireadh an chrá ann, ná Conair na nOcht Rian. Níl Críonnacht Tarchéimnitheach í féin ann, ná gnothú ná neamhghnothú.

Dá bhrí sin, a Mhic Sheáraí, gach neach múscailte a théann i muinín na Críonnachta Tarchéimnithí, tá sé beo gan mhíthuiscint trína neamhghnothú. Toisc nach bhfuil míthuiscint ann, níl eagla air. Téann sé thar bhréige agus baineann sé nirbheána iomlán amach.

Dúisíonn Búdaí uile na dtrí aimsir go hiomlán i soilsiú nach bhfuil a sárú ann, ó tá siad i muinín na Críonnachta Tarchéimnithí.

Fógraítear mar sin mantra na Críonnachta Tarchéimnithí, an mantra gan sárú, an mantra a cheansaíonn gach crá, an fíormhantra gan chluain. Seo é an mantra a labhraíodh, GATE GATE PARAGATE PARASAMGATE BODHI SVAHA.

01 Deireadh Fómhair 2012

babaí ar bord


Seafóideach ach gan dóchar.
“Bhí mé ag smaoineamh ar bhur gcarr a bhualadh ón taobh thiar go dtí go bhfaca mé an fógra. Bhur naíonán a shábháil sibh.”
Yeah, right.

Ábhar scéine is fuatha!
Please Jesus, go raibh sé ina chodladh nó balbh nó támhaithe (vodca sa bhainne?), agus ag an gceann eile den eitleán!”