15 Deireadh Fómhair 2011

Cuireadh an dlí air!



Scríobh mé faoin duine seo roimhe seo. Tá sé ar na nuchatáin arís. Tá seisean agus a dheoise ar aon faoi dhíotáil anois i SAM as gan tuairisc a thabhairt do na húdaráis shibhialta ar shagart péidifileach. Is stairiúil an díotáil seo. Dála an scéil, is Caitliceach coimeádach é Finn, pearsa údarásaíoch eile atá an-bháúil le hOpus Dei.

12 comments:

  1. Má bhris sé an dlí, is ceart an dlí a chuir air: agus is cuma faoi cén dearcadh Eaglasta atá aige.

    ReplyDelete
  2. Tá mí-úsáid as cuimse bainte ag an eaglais as na pribhléidí a tugadh di agus ba iad na páistí ar tugadh drochíde ghnéis dóibh ba mhó a d'íoc as na pribhléidí céanna.

    An bhfuil baol ann, dar leat, go rachaidh an frith-Chaitliceachas i dtreis arís sna Stáit mar thoradh ar na scannail go léir? Nó an den aimsir chaite an feiniméan céanna?

    ReplyDelete
  3. Pé ní faoi SAM tá sé ag dul i dtreise abhus, agus gné ghránna fanaiceach ag baint leis.

    ReplyDelete
  4. "...gné ghránna fanaiceach ag baint leis."

    Seans nach bhfuil i gceist ach an chóisir choitianta fhiáin ró-scaoillte a bhíonn ann i ndiaidh na deachtóireachta!

    Agus na daoine is callánaí ina measc, bheidís orthu siúd ba mhó a bheadh ag liúteáil leis an gcléir dá mbeidís fós i réim.

    ReplyDelete
  5. Tá sin ann cinnte, ach uaireanta is deacair a samhlú nach bhfuil muid, mar a deireadh saoiste liom, ag dul "Vom regen unter umgehung der Traufe direkt in die Scheisse"

    Cuirtear gobán in aoinne a bhíonn sé de dhánaíocht aige rud a bith a rá a bhfeadfaí maíomh gur as teagasc na hEaglaise a eascraíonn sé; beag beann ar stuaim ná ciall an moladh.

    ReplyDelete
  6. is cuma faoi cén dearcadh Eaglasta atá aige

    Ní fíor. Is é an meon Opus-Deiach go háirithe a chuireann fórlámhas na hEaglaise roimh sláinte na bpáistí.

    ReplyDelete
  7. I gcead duit, an bhfuil fianaise agat don maíomh sin? Mise i dteagmháil leo ar feadh mo shaoil agus ní sin an meas atá agamsa orthu. Agus níl sé fíor go raibh, abhus mar shampla, na hEaspaig is measa i ngiorracht scread asail de sheasamh Opus Dei.

    ReplyDelete
  8. An bhfuil baol ann, dar leat, go rachaidh an frith-Chaitliceachas i dtreis arís sna Stáit mar thoradh ar na scannail go léir?

    Séard atá ag titim amach abhus anseo, faoi dheireadh, ná go bhfuil níos mó daoine, agus an t-aos óg go háirithe, ag éirí bréan de chreideamh. Tá frith-Chaitliceachas beo fós sa Bhible Belt, ar ndóigh, ach is saghas Christian-on-Christian hatred é sin. Maidir leis na daoine óga, is frith-chorparáideachas is mó atá ag fás ina measc, agus déarfadh cuid acu go bhfuil an Eaglais ar an gcorparáid is sine ar domhan!

    ReplyDelete
  9. An bhfuil tú i do bhall d'Opus Dei, a Aonghuis?

    ReplyDelete
  10. Níl. Ach tá aithne agam ar bhaill, agus tairbhe bainte agam as teagmháil leo.

    Iad chomh diomúch céanna faoin mbréantas san Eaglais is atá cách.

    ReplyDelete
  11. Is cuimhin liom gur bheag an meas a bhíodh ag gnáthChaitlicigh ar Opus Dei.

    Feictear dom go raibh an cineál dearcaidh chéanna ag daoine ar lucht Opus Dei agus a bhíonn ag daoine ar na máisiúin, mar atá gur dream antoisceach, rúnda, comhcheilgeach iad.

    Cén fáth nach gcothaíonn Opus Dei íomha níos fearr dóibh féin i measc an phobail muran fíor a ndeirtear fúthu?

    ReplyDelete
  12. Sin ar nós an cheist úd "Ar éirigh tú as do bhean a bhualadh fós?"

    ReplyDelete