01 Meán Fómhair 2011

údarás


Cliceáil le méadú.


As·bert int ap co·ndechad for cel.

Dúirt an t-ab go ndeachaigh tú ar ceal (.i. go bhfuair tú bás).


Am béo-sa calléic, amal ad·cíd.

Tá mé beo mar sin féin, mar a fheiceann sibh.


Acht is indraiciu int ap oldaí-siu.

Ach tá an t-ab níos iontaofa ná thusa.

12 comments:

  1. Iontach! K an manach ar ceal?
    Cuireann sé scéal grinn Giúdach i gcuimhne dom.

    Bean lena fear céile: 'Tá iontaoibh agat as an mbúistéir Críostaí sa bhaile, nach bhfuil?"

    Tá, leoga.

    Bhuel, deir seisean gur tháinig an Messias cheana féin!

    ReplyDelete
  2. Tá leagan den scéilín grinn seo le fáil in Philogelos, ach níl an bunleagan agam. Scéilín sách ársa é mar sin. Mise a chuir Sean-Ghaeilge air.

    ReplyDelete
  3. Cé a bheadh ag stánadh amach orm agus mé ag filleadh ar an Imeall don chéad uair le míonna? Na manaigh! Cé eile.

    ReplyDelete
  4. Iontach mar cartún é, ach ba é a mheas mise ná go raibh tú, d’aon ghnó, ag meascadh an freacnairc agus an anallód: “dúirt an ‘ap’ go bhfuair tú bás”, i.e. ‘ap’ nua a thuairiscíonn nuair a éigean duine.

    ReplyDelete
  5. Má tá an t-am a chuaigh thart agus an t-am i láthair á meascadh ann, is de bhrí go mbíonn ró-ómós ag daoine do “údarás” i gcónaí, i gcúrsaí polaitíochta agus i gcúrsaí creidimh go háirithe. “Question authority” an dá fhocal is cumhachtaí sa Bhéarla. Níl a fhios agam an féidir an méid sin a rá i nGaeilge in dhá fhocal.

    ReplyDelete
  6. Cé a bheadh ag stánadh amach orm ... ? Na manaigh!

    Agus tá cuntas iomlán ar do chuid fánaíochta ag teastáil uathu!

    ReplyDelete
  7. An-deas! Ach ní dóigh liom go bhfuil an saorbhriathar ag teastáil anseo.

    Dlíonn údarás amhras.

    I Sean-Ghaeilge:

    Dligid augtartás amaires.

    Tá an múnla seo an-choitianta in “Bríathra Flainn Fhína maic Ossu”. Mar shampla:

    Dligid maith mórad. = Dlíonn maith móradh.

    ReplyDelete
  8. Fíor duit, agus is air sin a bhíos á mhúnlú. Is fearr liom do leagan. Ní raibh mé cinnte go raibh "dlíonn" fós in úsáid.

    ReplyDelete
  9. Dála an scéil, agus ó luaigh Seán "app" bhí píosa faoin dream seo ar nuacht a naoi díreach anois:

    http://www.monuments.com/livingheadstone

    ReplyDelete
  10. is air sin a bhíos á mhúnlú

    Is maith an múnla é. Níl an nath againn in dhá fhocal mar atá i mBéarla, ach tá sé againn i dtrí, mar is dual don traidisiún Gaelach.
    :-)

    ReplyDelete
  11. livingheadstone

    Feicim go bhfuil an comhlacht sin suite anseo i Seattle.

    ReplyDelete