17 Meán Fómhair 2011

scrúdú Béarla



Cé chomh caolchúiseach agus atá do thuiscint ar an mBéarla? Seo scrúdú beag. An cheist: cén rud atá neamhiondúil san aistriúchán seo thíos? Ní focal amháin atá i gceist, ná cor cainte amháin. Tá rud éigin córasach san aistriúchán seo a dhealaíonn sé ó ghnáth-Bhéarla na linne seo. Cad é?

Three holy men turned their back on the world.
They went into the wilderness to atone for their sins before God.
They did not speak to one another for a year.
At the end of the year, one of them spoke up and said, “We’re doing well.”
Another year went by the same way.
“Yes we are,” said the next man.
And so another year went by.
“I swear by my smock,” said the third man, “if you two won’t be still I’m going to leave you here in the wilderness!

An Freagra:

Tagann na focail uilig san aistriúchán seo ó dhúchas Gearmánach an Bhéarla.

13 comments:

  1. An é go mbeadh "their backs" & rl ann inniu?

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam. Ní hé seo an "freagra ceart".

    ReplyDelete
  3. Níl fhios agam mar sin. Seachas sin, sílim gur mar sin a bheadh an sliocht i mBéarla agamsa. Seans nach den linn seo mé!

    ReplyDelete
  4. An mbaineann sé leis na huaschamóga, a Dennis?

    ReplyDelete
  5. Leid a haon: tá a bhfuil i gceist agam le fáil i ngach abairt.

    Leid a dó: nó is féidir a rá nach bhfuil sé ar fáil i ngach abairt. Easnamh atá ann chomh maith!

    ReplyDelete
  6. An bhfuil baint aige le 'and then the next man said' i.e. go mbaintear úsáid as 'and' níos minice anois, seachas an lán stad, b'fhéidir?

    ReplyDelete
  7. An mbainfaí úsáid as an aimsir láithreach sa lá inniu? An é sin é?

    ReplyDelete
  8. @ Áine agus Fergus : Tá sibh ar an gconair mhícheart. Ní bhaineann sé le gramadach ná le comhréir na n-abairtí. Céard atá fágtha mar sin? Na focail féin.

    ReplyDelete
  9. B'fhéidir nach bhfuil aon 'holy men' ann a thuilleadh..:-)

    ReplyDelete
  10. Leid a Trí: Sanasaíocht (agus stair an Bhéarla).

    ReplyDelete
  11. An amhlaidh nach bhfuil aon fhocal ann nach de bhunadh Angla Sacsanach é?

    ReplyDelete
  12. Bingo! Ach tá sé níos teoranta ná é sin. Bhí an focal “munuc” (manach) acu sa Sean-Bhéarla, ach is focal Gréigise ó thús é, mar sin níor úsáid mé é. Tá na focail seo uilig echt-Ghearmánach. Bhain mé na focail "turn, second, repent, quiet, silence, passed, robe, monk" den aistriúchán a rinne mé roimhe seo. Deir m'fhoclóir go bhfuil na focail "garb, robe, garment, frock" Gearmánach ó thús, ach tháinig siad isteach sa Bhéarla trí mheán na Fraincise, mar sin dhiúltaigh mé iad freisin.

    ReplyDelete