24 Meán Fómhair 2011

Rick Perry agus Fír Flathemon


Ba mhaith le Rick Perry seasamh sa chéad toghchán uachtaránachta eile i SAM.

Is Gobharnóir Thexas anois é Rick Perry.

Tá meig-thriomach ar siúl i dTexas le bliain anuas agus meastar go mairfidh sé go ceann bliana eile ar a laghad. Beidh iarmhairtí an triomaigh seo le brath ar fud an domhain go luath, go háirithe i bpraghas an chadáis.


Chreid ár sinsir, na Sean-Ghaeil, i rud ar a dtugtar fír flathemon, nó fíor flatha i nGaeilge an lae inniu. Dlí nádúrtha a bhí ann, dar leo, agus an-simplí. Más duine cóir é an rialtóir, beidh an aimsir cineálta agus beidh bláth ar an tír. Más duine éagórach atá i gceannas ar an tír, áfach, beidh an aimsir bunoscionn agus an tír neamhthorthúil dá dheasca sin.

Sliocht as Audacht Morainn,
Leabhar Laighneach, lch. 293

Is tré ḟír flatha sína cach thrēimse doceṅgat ré .i. Gaim cain cuisnech. Errach gaethach tirim. Sam taurḟrossach. Fogomur tromdruchtach toirthech.

Is trí fhíor flatha a théann an aimsir ar aghaidh ó tréimhse go tréimhse: geimhreadh caoin cuisneach, earrach gaofar tirim, samhradh tirim le ceatha, fómhar drúchtmhar torthúil.

Dá mbeadh na Sean-Ghaeil ina gcónaí i dTexas anois, is dócha nach mbeadh meas ró-mhór acu ar Rick Perry.

3 comments:

  1. Agus de réír na fianaise atá fionnta ag na seandálaithe is amhlaidh go gcuirtí rialtóirí chun báis mar thoradh ar thubaiste dá leithéid.

    Feicim go gcuirtear "tubaiste ar téaltú" ar thriomach.

    ReplyDelete
  2. Ah ha! Tuigim anois fáth na haimsire ciotaí sa tír seo le roinnt blianta anuas..;-)

    ReplyDelete
  3. Sin é, Áine. Is fada ó bhí flaith cóir againn abhus.

    ReplyDelete