28 Meán Fómhair 2011

Go maire siad a ngairdín nua!



Tá gairdín na ngoraillí i nGairdín na nAinmhithe i mBaile Átha Cliath ar oscailt! Chuir an scéal seo an-áthas orm nuair a léigh mé ar maidin é, agus tá aoibh orm fós ag breathnú ar an bpictiúr seo.

4 comments:

  1. Bhí siad ar an teilifís anseo anocht, a Dennis. Deas an 'ghirseach' nua a fheiceáil..:-)

    ReplyDelete
  2. Forbairt leanúnach tagtha ar an Zú le blianta beaga. (Ach deacair anois cuid de na hainmhithe a fheiceáil!)

    ReplyDelete
  3. Caithim a rá go bhfuil cuma deas ar an ngairdín sin, cé nach n-aontaím le zúnna go hiondúil.

    Súil agam nár scaipeadh an scéal chomh fada le Uganda. Tá mo dheirfiúr ar saoire ann faoi láthair chun iad a fheiscint ina ngnáthóg nádúrtha ;)

    ReplyDelete
  4. Is cosúil go bhfuil siad níos sábháilte in Éirinn ná mar atá siad san Afraic. Níl éinne ag iarraidh iad a ithe san Eoraip.

    ReplyDelete