30 Meán Fómhair 2011

ealaín neamhcheadaithe


le John Sarkis
Cliceáil...

Nocht an ghnúis seo ar cholún faoi mhótarbhealach i Seattle seachtain nó dhó ó shin. Chuaigh mé ar ais le mo cheamara inné leis an bpictiúr seo a ghlacadh. Is minic a bhíonn graifítí garbh le feiceáil ar choincréit lom mar seo, ach ní fhaca mé píosa chomh suimiúil leis seo riamh. Tá sé in éadan an dlí, dála an scéil, péint a chur ar choincréit de chuid WSDOT (Washington State Department of Transportation). D'fhág mo dhuine a ainm air, mar sin féin, agus bhí mé in ann an méid seo eolais a fháil ar an idirlíon faoi. Tá áthas orm go bhfuil sé ann anois. Ní bheidh sé ann go ceann i bhfad. Bíonn lucht WSDOT an-ghnóthach lena gcuid scuaba agus lena bpéint liath.

Níl teideal air, ar ndóigh. Cú Chulainn agus a riastradh uime?

Séard atá le feiceáil sa chúlra ná stumpa mótarbhealaigh ar éiríodh as a thógáil daichead bliain ó shin. Baintear úsáid as (go mídhleathach) sa samhradh mar chlár tumtha:




Is in aghaidh na gcos a théann siad ann de ghnáth.

4 comments:

  1. Shilfeá go mbeadh siad níos fearr as a leithéidí a choimisiúnú chun jab ceart a dhéanamh - nó an amhlaidh go mbíonn dochar don stroighin i gceist leis na dathanna?

    ReplyDelete
  2. Dochar don choincréit? Ní dóigh liom é.

    ReplyDelete
  3. Ina fhocail féin, tá sé 'real', 'raw' agus 'unique' gan dabht!

    @ Cú Chulainn agus a riastradh uime?

    Maidin na Póite, b'fhéidir..:-)

    ReplyDelete
  4. Maidin na Póite, b'fhéidir..:-)

    Sin agat é ... ach amháin an dath atá air. Bheinn ag súil le lí bhuí air, an mhaidin tar éis na hoíche roimhe.

    ReplyDelete