25 Lúnasa 2011

promhadh pinn #2



Is minic a fheictear na focail “promhadh pinn” nó “probatio pennae” ar imill ár gcuid lámhscríbhinní. Scríobh mé blagmhír ar an ábhar seo tamall ó shin.

Seo leagan eile den rud céanna - an scríobhaí ag baint trialach as peann nua tar éis dó rinn a ghearradh air - ó Leabhar Ua Maine. An rud is suimiúla faoin sampla seo ná an méid giorrúcháin atá ann:

Fcai- gl-a aᴺso

Féachain gléasa anso

1 comment:

  1. Ana dheas. Ag léiriú a scil chomh maith? Bhí colún Nuachtáin leis na dteideal sinn an tráth - Diarmuid Breathnach a d'inis sin dom, ach ní cuimhin liom arbh leis é nó le duine éigin eile.

    ReplyDelete