29 Nollaig 2010

mua



Tháinig mé trasna ar an iontráil seo in Foclóir Gaeilge-Béarla seachtain ó shin:
mua, m. (gs. ~, pl. ~nna). Clouded apparition, mysterious figure.
“Bhó hó,” a dúirt mé liom féin, “seo focal a bhfuil gealladh faoi, focal ón mbéaloideas is dócha, focal fíor-Cheltic-twilighty a thaithneodh le Goethe agus na Rómánsaithe eile ar chuir Ossian faoi dhraíocht iad.”

Ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí, faraor. Cé go bhfuil “mua” in FGB, níl mórán fianaise de le fáil ar an idirlíon. Níor aimsigh mé ach sampla amháin de i Nua-Ghaeilge, in “Allagar na hIntinne”, gearrscéal le Roibeard Gunning in Feasta, Meán Fómhar 2002:

“... feictear duit go bhfuil taibhsí ar gach taobh, muanna do lucht aitheantais ag taibhsiú sean-áiteanna an tsaoil seo.”

Is léir gur litriú nua den fhocal “muadh” atá ann. Seo a bhfuil le fáil faoi in Focalóir Gaoidhilge - Sax-Bhéarla (1768):


Tá na focail seo le fáil in DIL (Sean- agus Meán-Ghaeilge) chomh maith, ach níor baineadh mórán úsáide as an gcéad trí cinn acu riamh. Tá na samplaí neamhchinnte agus chroch an foclóirí comharthaí ceiste lena dtaobh.

Maidir leis an gceathrú focal, is aidiacht é a d'úsáidtí go forleathan ach gan bheachtas: of uncertain meaning, confined to poetic style, generally complimentary, chiefly of persons and prob. denoting external qualities (rank, wealth, etc.) rather than moral ones.

Feictear dom gur focal taibhsiúil (nó scáilfhocal nó ghost word) é seo i níos mó ná dóigh amháin!

9 comments:

  1. Más mall is mua-thaid é chuir i gcló arís....

    ReplyDelete
  2. Sampla fánach amháin sa chorpas:
    Ní raibh ach imir den óige fágtha i mua seo a athar . -- Anois, ANOIS

    Níl d'eolas breise leis ach sin. Tá dhá sampla eile sa chorpas ach is botún cló ceann acu, agus focal-dhathú an ceann eile.

    ReplyDelete
  3. Seans go bhfuil baint éigin ag 'mua' leis an mbriathar 'muadhaim' (I form or shape)(lch.765 Dinneen), a Dennis. Sórt 'múnla' de shaghas a bheadh sa 'clouded apparition' meas tú?

    Chuir mé ceist ar An Dómhnallach. Níl an focal sin 'mua' aici.

    ReplyDelete
  4. Tá sé sin an-suimiúil, a Áine. Cén litriú atá “muadhaim” inniu, a bhfuil a fhios agat? Feicim go raibh an focal seo i bhfoclóir Uí Raghallaigh (Edward O'Reilly, 1864) freisin (“I form, shape”), agus in Focalóir Gaoidhilge - Sax-Bhéarla (1768) a luaigh mé thuas (“to form or shape”). Feictear dom gur féidir gur seachadadh an focal seo anuas ó fhoclóir go foclóir gan a thuilleadh taighde a dhéanamh.

    ReplyDelete
  5. Más mall is mua-thaid é chuir i gcló arís....

    An bhfuil liathróid chriostail in Harry Potter agus an Órchloch? Is dócha gur mua a bheadh le feiceáil sa leithéid.

    ReplyDelete
  6. N'fheadar.

    Sílim nár tháinig scáthán úd na cuimhní isteach sa scéal go dtí leabhar nó dhó isteach sa sraith.

    An bhfuil amhras ort gur Dordfhocail atá i gceist le mua?

    ReplyDelete
  7. @ 'Cén litriú atá “muadhaim” inniu, a bhfuil a fhios agat?'

    Níl a fhios agam, mar nár cuireadh aon leagan den bhriathar isteach in FGB Uí Dhónaill,feictear dom, cé go bhfuil 'mua' ann (Ó Dónaill) in áit 'muadh' (Dinneen).

    @ Dordfhocail

    Tá sé sin suimiúil, a Aonghuis. Ní raibh mé ar an eolas faoin leagan Béarla den fhocal 'dord', cé gur bhain mé úsáid as an bhfocal 'dord' as Gaeilge, go minic, agus mé ag plé le cúrsaí fuaime ar chúrsa a bhain le scileanna teilifíse.

    ReplyDelete
  8. Creid é nó ná creid, 'breag' an focal fíoraithe a bhí le scríobh agam don trácht deireanach sin uaim - b'fhéidir go bhfuil teachtaireacht ansin dúinn...:-)

    ReplyDelete
  9. An bhfuil amhras ort gur Dordfhocail atá i gceist le mua?

    Go díreach. “Scáilbhaile, scáilsuíomh” atá ag focal.ie ar “ghost town, ghost site”. B'fhéidir gur cheart dúinn “scáilfhocal” a thabhairt ar “ghost word”.

    ReplyDelete