Glaonn siad orainn ar an nguthán thart faoi am dinnéir nó níos déanaí. Ní fhágann siad teachtaireacht. Má thógaim an glacadóir níl éinne beo ar an líne ar dtús, ansin, má deirim “hello” (nó rud ar bith eile) tagann duine ar an líne. “Good evening sir,” a deir sé.
Bíonn a fhios agam roimh ré - toisc go bhfuil aitheantas glaoiteora (caller I.D.) againn - gur sirtheoir de shaghas éigin atá ann. Ní cara nó aitheantas atá ann nuair a deir an scáileán beag “Market Research Solutions” nó rud éigin mar sin!
Ní thógaim an glacadóir de ghnáth. Ní réiteach é sin dáiríre, áfach, toisc go nglaonn siad arís an chéad oíche eile, agus mar sin de. Uaireanta labhraím leo agus deirim leo gan glaoch ar ais. Ach ní oibríonn sé sin i gcónaí.
Tá straitéis nua agam. Lean mé an straitéis seo uair amháin cúpla seachtain ó shin agus níor ghlaoigh siad ar ais. Ní raibh éinne sa bhaile tráthnóna inniu ach mé féin agus na cait, mar sin bhain mé triail as arís. Tar éis do mo dhuine “Good evening” a rá thug mé AN SCRÉACH dó, díreach mar atá le feiceáil sa phictiúr thuas, i sean-ard mo chinn: AAAARRRGGGGHHHHHhhhhhhhh.
Scanraigh mé na cait, na créatúir.
plean iontach chun fáil réidh leo. Céard a dhéanann tú nuair a chnagann siad ar an doras?
ReplyDeleteASG! Ach, na cait bhochta!
ReplyDeleteIs léir, ó tharla gur scanraigh tú iad, nach mbíonn tú ag scréachaíl go minic ina dteannta...:-)
@Grá.
ReplyDeleteTáim cinnte go n-oibreodh an tseift cheánna sa chás sin freisin. Beidh an úsáid againn dó má thagann FF chun dorais amach anseo.
Shíl mé go raibh bealach agaibh thall cosc a chuir orthu?
ReplyDeleteIs maith liom an smaoineamh.
Maidir le lucht stocaireachta abhus, tá bealach níos fusa ann. Labhair Gaeilge leo.
Blianta ó shin bhí cara liom ar saoire i Maracó. Ag siúl ar an trá, tháinig trá-dálaí ;-) ag díol mionrudaí "Parlez-vous français ?" arsa mo dhuine (gan freagairt !) "do you speak English ?...Sprechen Sie Deutsch ?...habla Español...Português ?..... roinnt teangacha eile, sula dúirt sé (an trádálaí !) "an bhfuil gaeilge agat ?". D'oibrigh sé ! Cheannaigh mo chara rud agus iontas air !
ReplyDelete@ Grá - Nuair a thagann siad go dtí an doras, bíonn fón in aice le mo chluas i gcónaí agus mé ag caint nó ag éisteacht - cé nach bhfuil éinne ar an líne! Más duine de lucht stocaireachta atá ann, déanaim comhartha leis an bhfón, meangadh leiscéalach ar mo bhéal, agus is leor sin le ruaig chineálta a chur air. Más cara, comharsa nó duine eile atá ag an doras, deirim “Okay then, bye” leis an duine nach bhfuil ar an líne.
ReplyDeleteShíl mé go raibh bealach agaibh thall cosc a chuir orthu?
Is léir go bhfuil bearnaí móra sa chóras sin anois.
@ Lorcán - An-scéal!
I gcás daoine ar an bhfón, is nós dom a rá leo go bhfuil ‘cé hé’ marbh agus a c(h)éile ina theannta. Más chuig an doras a thagann duine deirim nár mhair an ‘cé hé’ ag an seoladh seo le breis agus bliain. Más í mo chéile a fhreagraíonn an fón nó an doras, ligeann sí uirthi go bhfuil sí bodhar.
ReplyDeleteCúpla cleas de bhreis foghlamtha agam anseo.
ReplyDelete