31 Nollaig 2010

an lá deireanach de 2010



Na Sléibhte Olympic
an radharc ó mo chnoc ag meán lae inniu

Tá sé fuar anseo sa chathair arís, ach tirim:

Spéartha geala
gan aon sneachta,
gan cheo meala,
ach neart seaca.

29 Nollaig 2010

mua



Tháinig mé trasna ar an iontráil seo in Foclóir Gaeilge-Béarla seachtain ó shin:
mua, m. (gs. ~, pl. ~nna). Clouded apparition, mysterious figure.
“Bhó hó,” a dúirt mé liom féin, “seo focal a bhfuil gealladh faoi, focal ón mbéaloideas is dócha, focal fíor-Cheltic-twilighty a thaithneodh le Goethe agus na Rómánsaithe eile ar chuir Ossian faoi dhraíocht iad.”

Ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí, faraor. Cé go bhfuil “mua” in FGB, níl mórán fianaise de le fáil ar an idirlíon. Níor aimsigh mé ach sampla amháin de i Nua-Ghaeilge, in “Allagar na hIntinne”, gearrscéal le Roibeard Gunning in Feasta, Meán Fómhar 2002:

“... feictear duit go bhfuil taibhsí ar gach taobh, muanna do lucht aitheantais ag taibhsiú sean-áiteanna an tsaoil seo.”

Is léir gur litriú nua den fhocal “muadh” atá ann. Seo a bhfuil le fáil faoi in Focalóir Gaoidhilge - Sax-Bhéarla (1768):


Tá na focail seo le fáil in DIL (Sean- agus Meán-Ghaeilge) chomh maith, ach níor baineadh mórán úsáide as an gcéad trí cinn acu riamh. Tá na samplaí neamhchinnte agus chroch an foclóirí comharthaí ceiste lena dtaobh.

Maidir leis an gceathrú focal, is aidiacht é a d'úsáidtí go forleathan ach gan bheachtas: of uncertain meaning, confined to poetic style, generally complimentary, chiefly of persons and prob. denoting external qualities (rank, wealth, etc.) rather than moral ones.

Feictear dom gur focal taibhsiúil (nó scáilfhocal nó ghost word) é seo i níos mó ná dóigh amháin!

28 Nollaig 2010

bíseanna (quiz)


Babhla ón gCultúr Mimbres
Arizona, 1000-1130 AD
Músaem Peabody, Harvard


Cuid de Leathanach as Leabhar Dharú
Éire, 7ú hAois AD
Coláiste na Tríonóide, BÁC

Tá bíseanna le feiceáil ar an dá sheoid seo, ach ní hionann iad go hiomlán. Tá difríocht shunasach eatarthu, difríocht atá fréamhaithe go domhain sa dá chultúr. An aithníonn tú í?

27 Nollaig 2010

focail ghaoise



Níor dhún Dia bealach riamh nár oscail Sé ceann eile.

26 Nollaig 2010

loch agus lochrúna


loch .i. dub
(LS Laud 610.79r)


lochruna .i. dúbrúna
(Leabhar Breac, lch. 268)

Focal ársa is ea “loch” leis an gciall “dubh”. Bhí sé as feidhm, den chuid is mó, míle bliain ó shin. Is dá bhrí sin atá sé le fáil in Sanas Cormaic (an foclóir sanasaíochta is sine in aon teanga neamh-chlasaiceach Eorpach). Deir an chéad sliocht thuas gurb ionann “loch” agus “dubh”. Deir an dara sliocht gurb ionann, mar shampla, “loch-rúna” agus “dubh-rúna”.

Tugann an iontráil sa Leabhar Breac an tsolaoid seo freisin:

Asoilgi laith lochrúna.

Osclaíonn leann dubhrúin.

Is léir gur seanfhocal atá ann, cosúil le “In vino veritas” na Laidine. Tá leagan nó dhó de seo i nGaeilge an lae inniu. Ós é seo séasúr an ólacháin chomh maith le séasúr an itheacháin, b'fhéidir gur feiliúnach an nath seo.

Dála an scéil, tá mé díreach tar éis an nath seo a chur leis an mbailiúchán Sengoídelc.

24 Nollaig 2010

Nollaig Shona



Ba mhaith le Michael Nollaig Shona a ghuí oraibh uilig! Is breá leis an fhéile, go háirithe an liamhás agus an ceol.

22 Nollaig 2010

cáfraith

Ar ith tú cáfraith riamh? An fíor-stuif a dhéantar as min choirce? Tá sí bog, síodúil, agus beagán géar. Tá ainmneacha eile uirthi: sowens (.i. suán in Gaeilge an lae inniu) in Albain is in Éirinn, cowree i Manainnis, kaerakile san Eastóin, llymru sa Bhreatain Bheag, agus flummery (ón mBreatnais) i Sasana. Milseog atá inti. Rinne mé í den chéad uair riamh an tseachtain seo. Níl sí deacair ná costasach, ach tógann sí cúpla lá ó thosach go deireadh.
cáfraith le síoróip mhailpe uirthi
Níl inti ach min choirce agus uisce. Cuirtear an mhin choirce ar maos i neart uisce ar feadh cúpla lá. Scagtar an stáirse, atá beagán géar faoin am seo, ón gcuid eile* den mhin. Bruitear an stáirse móide an t-uisce a tháinig leis ar feadh cúpla nóiméad, á shuaitheadh gan stad. Ramhraítear an “léite” go luath. Is féidir siúcra agus/nó blaistiú (sú, spíosraí, fanaile, etc.) a mheascadh tríd ag an bpointe seo. Lig don cháfraidh fuarú sa chuisneoir. Is féidir í a ithe le do rogha anlann ansin.
* Is féidir an chuid eile a úsáid le haghaidh leite nó arán.
Séard atá ann dáiríre ná leagan ársa den rud a dtugann muid pudding air i Meiriceá. I bhfocail eile, Birds Custard Powder (ach níos raimhre). Seard atá i mBirds agus i Jello Pudding ná gránphlúr ó arbhar Indiach in áit an stáirse coirce atá i gcáfraith. Níl a fhios agam an bhfuil stáirse coirce níos sláintiúla ná gránphlúr nó cornstarch, ach ba mhaith liom a smaoineamh go bhfuil.
Seo é an t-oideas a lean mé, ón leabhar The English Art of Cookery le Richard Briggs (Londain, 1788):
Ba cheart dom triail a bhaint as babhla cáfraith le fíon agus siúcra anois!

21 Nollaig 2010

lampa ola an ghrianstad



Snoigh mé as cloch ghallúnaí é. Tá buaiceas cadáis agus ola olóige ann. Tá a lán solais i gcúpla spunóg ola.


Is beag an lampa é i gcomórtas leis an magairlín.

20 Nollaig 2010

An rud a rinne Molly anocht


láithreach na coire


déantóir na coire

claoine aiseach


21 Nollaig, Grianstad an Gheimhridh

claoine aiseach:
taisteal Eorpach
ina phraiseach.


claoine - ainmfhocal déanta ón aidiacht “claon”
aiseach - aidiacht déanta ón ainmfhocal “ais”, ón Laidin “axis”

19 Nollaig 2010

an dá sholas



Seo pictiúr a thóg mé ar maidin toisc gur thaitin solas na maidne liom. Husky Stadium de chuid Ollscoil Washington atá ar an taobh thall den uisce. Tig leat an íomhá a mhéadú, mar is iondúil.



Seo é an radharc céanna idir sholas an lae agus na hoíche. Thóg mé an ceann seo mí ó shin.

18 Nollaig 2010

fíon agus uisce



Ach cá bhfuil an leann dubh???

17 Nollaig 2010

recte


Focal Laidine a chiallaíonn “go ceart” is ea “recte”. Baintear úsáid as roimh cheartúcháin: ainm, dáta, nó fíric eile atá mícheart. Bainim féin úsáid (ró-úsáid?) as le mílitriú, dearmad cló nó mionbhotún gramadaí a shonrú. Is focal idirnáisiúnta é, cosúil leis na focail “nota bene (N.B.)”.

Is féidir linn “nod leat” a scríobh in áit “N.B.”. Shíl mé riamh go mbeadh sé go deas dá mbeadh leagan Gaeilge de “recte” ar fáil freisin. Is dóigh liom go bhfuair mé an focal atá ag teastáil.


COCART
/kogǝrt/

Tá an focal seo, scríofa in ogham, le feiceáil ar chúpla leathanach de lámhscríbhinn Laidine atá breac le nótaí i nGaeilge a scríobhadh sna blianta 850-851. Is ainm briathartha é, ón mbriathar “con·certa = ceartaíonn”. Ciallaíonn sé “ceartú, ceartúchán”. Tá an focal “coigeartú” againn fós. Tá sé ar intinn agam “coigeartú” a úsáid in ionad “recte” as seo amach.

16 Nollaig 2010

‘á’ aisteach


Cliceáil le méadú.

An aithníonn éinne an litir (?) a sheasann in áit ‘á’ nó ‘à’ sa teideal thuas? Taitníonn sí liom ach níl a fhios agam beo cad as di. Tarlaíonn malartú mar seo ó am go ham, ar ndóigh, ach ní fhaca mé an ceann seo riamh.

15 Nollaig 2010

sirtheoirí gutháin



Glaonn siad orainn ar an nguthán thart faoi am dinnéir nó níos déanaí. Ní fhágann siad teachtaireacht. Má thógaim an glacadóir níl éinne beo ar an líne ar dtús, ansin, má deirim “hello” (nó rud ar bith eile) tagann duine ar an líne. “Good evening sir,” a deir sé.

Bíonn a fhios agam roimh ré - toisc go bhfuil aitheantas glaoiteora (caller I.D.) againn - gur sirtheoir de shaghas éigin atá ann. Ní cara nó aitheantas atá ann nuair a deir an scáileán beag “Market Research Solutions” nó rud éigin mar sin!

Ní thógaim an glacadóir de ghnáth. Ní réiteach é sin dáiríre, áfach, toisc go nglaonn siad arís an chéad oíche eile, agus mar sin de. Uaireanta labhraím leo agus deirim leo gan glaoch ar ais. Ach ní oibríonn sé sin i gcónaí.

Tá straitéis nua agam. Lean mé an straitéis seo uair amháin cúpla seachtain ó shin agus níor ghlaoigh siad ar ais. Ní raibh éinne sa bhaile tráthnóna inniu ach mé féin agus na cait, mar sin bhain mé triail as arís. Tar éis do mo dhuine “Good evening” a rá thug mé AN SCRÉACH dó, díreach mar atá le feiceáil sa phictiúr thuas, i sean-ard mo chinn: AAAARRRGGGGHHHHHhhhhhhhh.

Scanraigh mé na cait, na créatúir.

14 Nollaig 2010

an teoiric



... Cred is fidar
and do litir. ní hansa. tairring
sothuicsinach do·nither
ar in meamram ...

Cad is fíor ann do litir?
Ní hansa: tarraingt shothuigthe
a dhéantar ar an meamram.



Maith go leor. Cén litir í seo?

Tá an sliocht seo thuas as tráchtas gairid ar an aibítir in Leabhar Leacain (f. 166r), a scríobhadh idir 1397 agus 1418.

Nóta sanasaíochta: figura (Laidin) > figar (Sean-Ghaeilge) > figar / fidar (Meán-Ghaeilge) > fioghar (Nua-Ghaeilge Chlasaiceach) > fíor

11 Nollaig 2010

Tá créatúr...


... ó dhiminsean eile ag faire na faille orainn!


Táid ann a deir nach ann do Ceiling Cat, nach bhfuil ann ach miotas ársa. Nach mór an t-ionadh a bheas orthu nuair a mhothaíonn siad a chrúcaí iontu!

10 Nollaig 2010

d'ainneoin bharúil Alexander Pope



“Un chat qui dort vingt heures sur vingt-quatre, c'est peut-être ce que Dieu a fait de plus réussi.” - Jules Renard (1864-1910) Journal, 26 janvier 1906

“Cat a bhíonn ina chodladh fiche uair an chloig as ceithre huaire fichead, is dócha gurb é sin sárobair Dé.”

(Tá barúil Phope le fáil anseo.)

teachtaireacht álainn faoi dhul in aois




M'anam 'on diabhal!

Ní cuimhin liom anois í.

conair sa sneachta



An bhfuil sé ró-dhéanach anois slí mar seo a chruthú in Éirinn?

Nó an meafar é seo?

abhainn atmaisféarach


Luaigh mé an feiniméan seo beagnach bliain ó shin. “Abhainn atmaisféarach” a thugann na meitéareolaithe air. “Traein Luais na nAnann / The Pineapple Express” an t-ainm atá againn air.


Is réamh-meastachán é an pictiúr seo den aimsir a bheas againn amárach: aer te agus a lán báistí, caol díreach ó Hawai’i. Tá Seattle suite ag ceann an t-srutha seo sa phictiúr.

09 Nollaig 2010

“Wankin’ bankers” a deir sé.




Fainic: Tá mionnaí móra le cloisteáil ó mo dhuine tríd an agallamh.



Mar a deir an “fíor-Éireannach” seo ag deireadh an agallaimh, “Bíonn a lá féin faoin ngrian ag chuile dhuine.” (Hey, everybody gets their day in the sunshine.)

trí rud marbh


Cliceáil le méadú.

altóir



Altóir

Cuirim clocha
ar mhuin a chéile.
Trí chloch,
sin altóir,
sin ofráil,
sin beannacht.

06 Nollaig 2010

an chile is teo



Luaigh mé an Naga jolokia (alias bhut jolokia alias ghost chile), an chile is teo ar domhan, anseo i Meán Fómhair. Is cosúil go bhfuil chile eile ann anois, a bhuí le táibhairneoir Sasanach a thógann na plandaí seo, atá níos teo fós. Tá an Naga Viper, an buama napailm (néapáim?) nua seo, 300,000 aonad Scoville níos cumhachtaí. Nach cúis ghairdeachais é sin?
;-)

05 Nollaig 2010

“ainmneacha pinn” ar an idirlíon


An tusa atá ann, a Chailliomachais?
Nó an é seo Ormondo?


Cinnte.
(Tá súile áille agat, Fearn. Dáiríre.)

04 Nollaig 2010

bandéithe



An t-aos seachanta, nó untouchables, a thugtaí orthu tráth den saol. Harijan (clann Dé) a thug Mahatma Gandhi orthu. Dalit दलित a thugann siad orthu féin. Scheduled castes and scheduled tribes an t-ainm oifigiúil atá orthu.

Tá an chuid is mó acu bocht. Is minic a imrítear leithcheal orthu. Ní fhaigheann ach céatadán an-bheag díobh ardoideachas. Tá ceannairí ina measc anois atá ag rá leo gurb é máistreacht an Bhéarla an dóigh is fearr le droim láimhe a thabhairt don chóras agus do na traidisiúin atá á gcoinneáil faoi chois. (Is ionann Béarla agus saoirse ó bhochtaineacht: ní scéal nua dúinn é seo.)

Le cruth is craiceann a chur ar an teagasc seo, chruthaigh siad bandia nua, Bandia an Bhéarla, agus táid ag tógáil teampaill di in Uttar Pradesh.


Íomhá beag, nó lámhdhia, de Bhandia an Bhéarla.



Dá mbeadh Bandia na Gaeilge ann,
cén cruth a bheadh uirthi?

antraipeolaíocht theangeolaíoch



Is cosúil gur cuid de Bhlighty iad na Sé Chontae. Is cuid den suirbhé seo iad ar aon nós. Is trua:

a) nach bhfuil an chuid eile d'Éirinn Iathghlas páirteach ann; agus

b) nach bhfuil leaganacha sna mionteangacha (Breatnais, Gàidhlig, Gaeilge, Coirnis) le feiceáil ann fós.

03 Nollaig 2010

an mhéar fhada



Is cosúil go bhfuil drochaoibh ar an gcomhartha seo ag crosbhealach ar Sráid Maple i Spokane in oirthear Washington (an stát).



Níl na húdaráis cinnte cén fáth a bhfuil an mhéar fhada á taispeáint aige in áit na boise oscailte a deir “Ná siúil.” Is féidir gurb é an sneachta is cúis leis de réir Marlene Feist, úrlabhraí na cathrach.

02 Nollaig 2010

fuacht in Éirinn


mar uar dom
= mórfhuacht dom
= tá fuacht mór orm

D'fhág scoláire Éireannach an nóta seo ar imeall uachtarach leabhair a scríobhadh circa 850 AD. (Ní raibh téamh lárnach, ná téamh domhanda, acu sa bhliain sin.)