07 Iúil 2010

seanfhocal i Sean-Ghaeilge


Cliceáil le méadú.

Seo seanfhocal ársa eile daoibh. Tá sé scríofa sa Leabhar Breac ar leathanach 46. Tosaíonn an téacs sa pictiúr thuas leis an nod ‘7’ (= agus) thuas, ach ní cuid den seanfhocal é sin dáiríre. Tá ‘7’ eile ann i lár na líne, áfach, ar cuid den seanfhocal é. Níl ach nod amháin eile ann: líne thonnach os cionn na litreach ‘i’ a fheictear faoi dhó anseo. Is ionann an ‘i + líne thonnach’ seo agus “im”.

Leideanna:

1. Tosaíonn an seanfhocal le briathar agus críochnaíonn sé le foirm eile den bhriathar céanna.

2. Is coimpléasc briathartha é an dara ceann. Is é sin le rá, tá an forainm “-t-” dingthe isteach i lár an bhriathair. Is abairt iomlán é an coimpléasc briathartha: tá an t-ainmní, an briathar agus an cuspóir uilig ann. Níl aon rud mar sin againn i nGaeilge an lae inniu.

3. Tá an briathar seo sa teanga fós, bíodh is nach bhfuil an litriú ceannann céanna air.

4. Is ainmfhocal é an dara focal thuas, ní an réamhfhocal “ag”.

7 comments:

  1. 'imm-imgaib (im-gaib)' an briathar, ceapaim.

    B'fhéidir
    "Imm-gaib ag ocus noam-geba"

    Ach nílim cinnte den bhrí leis.

    Seachain sé bó agus seachnóidh sí é?

    Agus ní duine é, ach rud éigin, mar is neodrach an forainm atá sáite isteach i 'noam-geba'.

    ReplyDelete
  2. Maidir leis an bhforainm iontáite, féach leid a dó thuas arís.

    Agus - rud nach ndúirt mé - tá síneadh fada ag teastáil os cionn an ‘a’ san ainmfhocal: ág.

    ReplyDelete
  3. Gabh mo leithscéal, a Dennis, níor léigh mé na leideanna go dtí seo. Tá níos mó ciall leis anois!
    "Immgaib ag ocus notimgeba"

    nó "Imm-gaib ág ocus notim-géba" ?

    Seachain contúirt agus seachnóidh sé thú.

    ReplyDelete
  4. An mbeadh sé seo ceart i nGaeilge an lae inniu?

    Imghabh ágh, agus imghabhfaidh sé tú?

    ágh [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
    cath; contúirt; laochas.

    ReplyDelete
  5. An ionann an teachtaireacht sa seanfhocal sin agus 'Ná bac le mac an bhacaigh agus ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat'?

    ReplyDelete
  6. @ Liz:

    nó "Imm-gaib ág ocus notim-géba" ?

    “Immgaib ág ocus no-t·imgéba” a scríobhfainn i litriú scolártha an lae inniu, gan fleiscín sa chéad fhocal, toisc go bhfuil an bhéim ar an gcéad siolla. Tá an bhéim ar “im-” sa choimpléasc bhriathartha freisin.

    @ Aonghus: bhí an ceart agat sa chéad leagan leis an mbriathar san fháistineach: imghabhfaidh

    @ Áine: Ní dóigh liom gurb ionann iad, ach tá siad gaolmhar le chéile, gan dabht.

    ReplyDelete