18 Iúil 2010

an preasráiteas is déanaí ó Phrionsaí na hEaglaise



8 comments:

  1. Míléamh d'aon ghnó é sin.

    Cuireadh amach cáipéis mór fada, a rinne cáipéisí a cuireadh amach thar na blianta a chuir go foirméalta isteach san dlí.

    Cas scéal atá in aon rud eile.

    ReplyDelete
  2. Dúirt an cháipéis go raibh pornagrafaíocht le páistí go dona ach go raibh bansagairt níos measa. Meas tú, cén mhéid sagairt atá ann an deireadh seachtaine seo atá ag fáil réidh lena gcuid físeáin?
    Ar an lá céanna den cháipéis maraíodh fear i lár na cathrach. Mar dhuine fásta bhí sé mar bhall de dhrong, mar pháiste bhí sé faoi chúram na sagairt in institiúid

    ReplyDelete
  3. Ar léigh tú an cháipéis? Nó an bhfuil tú ag brath ar scéal scéil faoi?

    ReplyDelete
  4. an bhfuil nuacht 6.01 RTE scéal scéil

    ReplyDelete
  5. Is léir, má léann tú an cháipéis, gurbh ea.

    Níl tada sa cháipéis sin a deir go bhfuil cion amháin níos measa ná cion eile.

    An rud atá ann na tabhairt le chéile roinnt cáipéisí a cuireadh amach le deich mbliana anuas, agus á gcuir ar bhonn níos foirmeálta i ndlí na Eaglaise.

    Tá difríocht bheag amháin ach, agus míthuiscint mar gheall air. Tá gníomhartha áirithe a thugann le fios go bhfuil duine ag briseadh go buan leis an Eaglais. Foirceadal na hEaglais ná nach bhfuil údarás ag an Eaglais mná a oirniú, toisc nár oirnigh Íosa aon bhean. Mar sin, má tá duine ag glacadh páirt in oirniú bean, tá siad ag fógairt go bhfuil siad ag briseadh leis an Eaglais. Sin an bhrí atá le latae sententiae excommunication

    ReplyDelete
  6. Cartún polaitíochta é seo mar fhreagra ar graviora stupidita de chuid na hEaglaise.

    toisc nár oirnigh Íosa aon bhean

    Níor ith Íosa aon phepperoni pizza ach oiread. Tá mé cinnte go bhfuil duine nó dhó i gCúirt an Phápa a itheann é le pléisiúr.

    ReplyDelete
  7. Bhí Íosa ag cur suas meácháin le iasc, caoireoil: fíon agus arán ( a dhéantús fhéin ).

    Ní fhéadfadh an Rómhánach á ardú ar chrann agus é lán phiotsaí. Bíodh ciall agat!! Is ag an Rómhánach a bhí na poitsaí. :-)

    Fearn

    ReplyDelete