26 Iúil 2010

ceist is freagra


Cliceáil le méadú.

Ocus dála na fáilti
im thenid is im lebaid;
inann digsed do Róim
ar slige Póil is Petair.

Do bhallra Old-Irish-L é seo. Tá muid díreach tar éis comhrá eile idir na daoine seo, Comgan Mac Da Cherda agus Cummain Fota - comhrá níos faide agus i bhfad níos diamhra - a phlé ansin. Is i riocht rann amháin atá an ceann seo.

6 comments:

  1. Taitníonn na sleachta seo liom a Dennis, cé nach dtuigim ach corr-fhocal dóibh!

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, John. Seo agat aistriúchán den rann seo:

    Agus dála na fáilte / maidir leis an bhfáilte
    um theine agus um leaba (.i. aíocht)?
    Is ionann í agus dul go dtí an Róimh
    ar shlí Phóil agus Peadair.

    Bhí an-mheas riamh ag na Sean-Ghaeil ar an duine fial fairsing. Tá téacsanna ann a thugann an chraobh don fhéile thar aon cheann de na súailcí eile.

    Agus maidir le “dul go dtí an Róimh”, féach an rann seo freisin.

    ReplyDelete
  3. Tá dé-bhrí ag baint le cuairt Pól agus Peadar go dtí an Róimh: bhíodar i ngéibheann ann agus maraíodh ann iad. Ach, gan amhras, b'shin doras neimhe dóibh.

    ReplyDelete
  4. Is cosúil nach raibh an-bhéim riamh ag na Sean-Ghaeil ar an “mairtíreacht dhearg”.

    ReplyDelete
  5. Is maith liom na fíoracha. An uaitse iad?

    ReplyDelete
  6. Is mise a tharraing iad, ach ní mise a dhear iad. Is anseo, i Leabhar Dhéir, a fuair mé an smaoineamh.

    ReplyDelete