11 Iúil 2010

Cé hiad?


10 comments:

  1. Serc? (Searc?)
    Naem

    Fear gan ainm ar dheis.

    Ní thuigim!

    ReplyDelete
  2. Sin m'athairse i lár baill. Dúirt mo mhaimeo liom gur sciob na haosáin é fada ó shoin.

    A athair liom, fill abhaile!


    Fearn

    ReplyDelete
  3. Níl a fhios agam cé hiad...

    ReplyDelete
  4. Níl a fhios agam ach oiread. Tháinig siad amach as mo pheann faoi anáil Leabhair Dhéar. Sea, is léir go bhfuil ainm ag teastáil ón tríú fear.

    SERC = searc
    NAEM = naomh

    Aosáin nó Íosánaigh?

    ReplyDelete
  5. Focal nua eile!
    aosán [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
    sióg mhailíseach.

    Meabhraíonn sin scéal grinn Laidine dom. Íosánach agus Proinsiasach amuigh faoi dtuath. Ag áit ina bhfuil macalla, scairteann an Íosánach:
    "Quid est Frasiscanus?" agus faigheann an freagra "anus".
    Colg air, scairteann an Proinsiasach "Et quid est Jesuita?" "Ita" arsa an macallla.

    ReplyDelete
  6. Ita = mar sin = mar an gcéanna ?
    :-)

    ReplyDelete
  7. Dála an scéil, tá teaspeántas Áráibeach Shádach ar siúl in Louvre Pharais ar ala na huire: Routes d'Arabie agus tá deismireáin ann ar aon dul le toradh do shamhlaíochta; deibhíní atá ann ón "Seathailia" Ré an Aineolais .i. réamhIoslaim. 4 mhílaois roimh Críosta.
    D'eascair rud éigin ón comhaigne phrimitibheach agat, bail ó Dhia ort!


    Fearn

    ReplyDelete
  8. An é an stèle anthromorphe, an chéad íomhá anseo atá i gceist agat?

    ReplyDelete
  9. Sin agat é.

    Fearn

    ReplyDelete