16 Iúil 2010

bolgán solais


Cliceáil le méadú.

Is léir, faraor, nach bhfuil GIMP foghlamtha agam fós... ná béasa ach oiread, dar le cuid agaibh.

5 comments:

  1. Seo ceann eile duit:

    Gog - Cé mhéad Críostaí atá ag teastáil le bolgán solais a athrú?

    Magog - Triúr. Ach is duine amháin iad dáiríre.

    ReplyDelete
  2. Agus ceann eile:

    Cé mhéad paindiach atá ag teastáil le bolgán solais a athrú?

    Duine amháin, beirt, triúr, is cuma, mar is Aon muid uilig.

    ReplyDelete
  3. Tuige Gog & Magog?

    (Feicim san alt úd gur de shíol Magog mise - más de shíol Mhíle mé, rud nach bhfuilim cinnte faoi)


    Cé mhéad síocanailísithe?

    Ceann amháin, ach rún daingean athraithe a bheith ag an mbolgán!

    Cé mhéad ríomhchláraitheoirí?
    Ceann ar bith. Fadhb leis an gcrua earra atá ann.

    ReplyDelete
  4. Tuige Gog & Magog?

    a) Níl a fhios ag éinne cé hiad dáiríre.

    b) Is éasca na hainmneacha seo a scríobh in Ogham.

    c) Is maith liom iad mar ainmneacha. Chuirfinn ar phéire cat iad.

    ReplyDelete