07 Bealtaine 2010

scamaill



Na scamaill seo atá fada féitheach: an bhfuil ainm orthu i nGaeilge?

15 comments:

  1. An bhfuil míniú faoi na scamaill san áit a bhfuair tú an íomhá?

    ReplyDelete
  2. Tá, agus ar Wikipedia freisin. Is cosúil go bhfuil baint acu le téamh domhanda, nó a easpa.

    ReplyDelete
  3. Cá bhfuair tú an íomhá, a Dennis, go bhfeicfidh mé cén Béarla atá air mar scamall.

    Tá 'bearradh an deimhis' anseo más 'fleecy cloud' atá ann, agus tá 'bearradh caorach' ar WinGléacht más 'cirrus cloud' atá ann.

    Déanfaidh mé iarracht tuilleadh eolais a fháil, ach ba dheas ainm Béarla an scamaill a fháil uait, más rud go bhfuil sé agat, ar ndóigh!

    ReplyDelete
  4. Is deas na híomhánna iad sin, a Áine.

    ReplyDelete
  5. Agus is iontach an leabhair sin Focail na nUltach. Cé a chuir le chéile é? Níl sin soiléir.

    ReplyDelete
  6. Seo leid daoibh: Cé gur cuid den atmaisféar iad, tá na scamaill seo antrapaigineach. Saghas conairí comhdhlúthaithe is ea iad. Ní raibh aithne ná ainm ag éinne orthu ar chor ar bith roimh an mbliain 1965. Tá ainm sách simplí orthu i mBéarla anois (.i. gan aon Laidin nó Gréigis ann).

    ReplyDelete
  7. Conairí comhdhlúthaite a thugtar ar na línte díreacha scamaill a dhéantar i marbhshruth eitleáin. Conairí scaipthe a thugtar ar chonairí d'aer gléghlan a ghalaítear as scamall, agus eitleán ar a bealach tríd, de bharr theas na n-ineall. Eolaí Póca - An Aimsir - An Gúm

    ReplyDelete
  8. "Acmhainní Gaedhilge
    Focail na nUltach le Ciarán Mac Murchaidh (Droichead na Banna) (MS-WORD document for download) Support site for Taisce Focal le Gordon McCoy agus Róise Ní ...
    www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ "

    dar le Google, a Aonghuis.

    Go raibh maith agat, a Gerry. Ní raibh mé ar an eolas faoin leabhar sin.

    ReplyDelete
  9. Ní heitleáin a dhéanann na scamaill seo, áfach. Ship tracks a thugtar orthu i mBéarla (agus Skipsspor in Ioruais), ach níl iontráil dóibh ag focail.ie.

    ReplyDelete
  10. Cliste! Ach beagán fada?

    Tá “longlann, longúinéar, longthógáil, longchlos" etc. againn.

    Longrianta?

    ReplyDelete
  11. Is maith liom sin. Nó Longlorg

    ReplyDelete
  12. Is maith liom longrianta agus longlorg, cé gur dóigh liom gur mbeadh 'longlorg' ina chasfhocal, b'fhéidir...

    ReplyDelete
  13. Maidir le Focail na n-Ultach

    Go raibh maith agat a Aonghuis as a mholadh, níl sé ar fáil i bhfoirm leabhair, liosta focal atá ann ar oibrigh mé air breis agus deich mbliana ó shin, caithfidh mé a dhmháil nach bhfuil sé críochnaithe ná baol air, ach sin an cineál rud a dhéanaim cuirim tús le rudaí agus ní chríochnaím.

    Ciarán Mac Murchaidh

    ReplyDelete