03 Bealtaine 2010

ró-stró?




i bhFraincis: pop-corn

i nGearmáinis: Popkorn

i Hindis: पॉपकॉर्न (popkorn)

in Eastóinis: popkorn

in Eabhrais: פופקורן (popkorn)

i Seapáinis: ポップコーン (poppukôn)

i Sualainnis: popcorn

i nGréigis: ποπ κορν (pop korn)

i Rúisis: попкорн (popkorn)

Tá “grán rósta" éasca a rá agus éasca a scríobh. Ach nach bhfuil sé beagán saorga mar sin féin? An gcuireann muid ró-stró orainn féin uaireanta?

14 comments:

  1. Itheann mise popcorn nó nachos ag an bpictiúrlann i gcónaí. Ach is deas an téarma ceart a chloisteáil. Uaireanta bíonn leisce orainn focail nua a fhoghlaim agus bíonn ár gcuid abairtí loite le Béarla. Ní bheadh a fhios agat an é Béarla nó Gaeilge atá á labhairt againn. Ní dóigh go bhfuil an fhadhb sin sna tíortha eile

    ReplyDelete
  2. Is dócha nár chuala tú Hindis á labhairt mar sin!

    ReplyDelete
  3. Sa chás seo is maith liom an focal grán rósta.

    Maidir le popcorn na dtíortha eile an cheist domhandú í?
    Cultúr na himpireachtaí is mó á ghlacadh ag cultúir eile.

    ReplyDelete
  4. Is é an focal “cráifisc / cráifis” a chuir mé ag smaoineamh ar phapcórn. Aontaím leat nach bhfuil “grán rósta” áiféiseach ar chor ar bith.

    ReplyDelete
  5. Rinne mé iarracht Hindu a fhoghlaim uair amháin. Sari seems to be the hardest word!

    ReplyDelete
  6. "Hindi", gabh mo leithscéal! Tá cónaí orm le beirt Indiach. Ba chóir go mbeadh tuilleadh céille agam.

    ReplyDelete
  7. Tá fuaimeanna inti nach bhfuil i mBéarla nó i nGaeilge. Ach tá an chuid eile den teanga réasúnta simplí. Níl a lán castacht nó mírialtacht inti, ar aon nós.

    ReplyDelete
  8. Céard faoi pléasc-corn, nó fiú pléascórn! Nó b'fhéidir pléascarbhar.

    B'fhearr liom féin giota den 'pop' sin a fheiceáil áit éigin san fhocal - agus is dóigh liom go mbainfeadh páistí níos mó sult as, mar fhocal, dá mbeadh 'pléasc' luaite ann áit éigin...:-)

    ReplyDelete
  9. Is fíor duit, a Áine. Is maith liom “pléascórn”. Cuireann an téarma “grán rósta” rud éigin ar fad eile i gcuimhne dom, mar atá “parched grain” .i. “grán dóite” nó “arbhar tíortha” :

    “Shuigh Rút leis an meitheal, agus rinne Boaz [carnán] grán dóite di agud d'ith sí a sáith de agus bhí fuílleach aici.” Rút 2:14

    “Amárach na Cásca, an lá sin díreach, d'itheadar cuid de thorthaí na tíre, cístí gan ghabháile agus arbhar tíortha.” Iósua 5:11

    ReplyDelete
  10. @ John - Maidir le “sari”, focal a bhfuil ‘r’ aisfhillte nó retroflex ann, iarr ar do comhrádaithe Indiacha an focal डेढ़ ~ ḍeḍh a rá duit. Ciallaíonn sé “X amháin go leith”. ‘r’ aisfhillte análaithe is ea an dara consan san fhocal sin.

    ReplyDelete
  11. Go mo leithscéal. Recte: ḍeṛh. Scríobh mé i gceart i ndevanâgarî é.

    ReplyDelete
  12. AAAAaarrrgghhhh! recte: gabh mo leithscéal !

    ReplyDelete
  13. Beidh mo bhuachaillí beaga ag teacht ar cuairt chugam go luath, a Dennis, agus déanfaidh mé pléascórn dóibh, chan grán rósta...;-)

    ReplyDelete