09 Bealtaine 2010

Níl aon cheann ag SAM ach oiread.


Tá 25 cinn acu ag an tSín, 16 ag an tSeapáin, 7 ag an gCróit, 3 ag an bhFrainc, ceann amháin ag Tonga agus ceann amháin ag Poblacht na Bealarúise*. Céard atá i gceist agam? Dá mbeadh ceann ag Éirinn, céard go díreach a bheadh ann?

Seo leid daoibh:


* Dála an scéil, tá leagan Bealarúisise de An Triúr Manach anseo anois. Fuair muid an tseachtain seo caite é ó Mark Ó Fionnáin atá ina chónaí sa Pholainn mar a múineann sé Gaeilge.

14 comments:

  1. Éide náisiúnta? Nó uirlis ceoil?

    ReplyDelete
  2. Níos ginearálta ná sin. Rud éigin oifigiúil atá ann.

    ReplyDelete
  3. Feidhmeannaigh an chultúir? Beag aird agam orthu. An ainmníonn siad píosaí ceoil chomh maith le suíomh mar chuid d'oidhreacht an chine?

    ReplyDelete
  4. Níl raibh a fhios agam go raibh Representative List of the Intangible Cultural Heritage of Humanity ann ar chor ar bith go dtí cúpla lá ó shin. Saghas bolg an tsoláthair atá ann, más féidir é a rá mar sin.

    Baul iad na ceoltóirí sa ghrianghraf thuas. Is Beangálaigh iad.

    ReplyDelete
  5. Bhí caint ar iománaíocht a chuir faoi bhráid UNESCO faoin dteideal úd.

    Shamhlóinn go mba cheart go mbeadh roinnt ag SAM, murach an teannas a bhí idir Rialtas s'agaibh ag na maorlathaigh. Bheadh rud le rá ag Séamas ar an ábhar, gan dabht!

    ReplyDelete
  6. Maith an smaoineamh! Ach... iománaíocht, iomáint, nó iomáin? Cé acu ainm an t-ainm is fearr? Is é an chéad cheann, an ceann is faide, a thaganns chugam go nádúrtha. Níl a fhios agam cén fáth.

    ReplyDelete
  7. Níl ach dhá shuíomh "Unesco World Heritage" in Éirinn, ach cuireadh liosta de sheacht rud eile faoi bhráid UNESCO an bhlian seo.

    http://whc.unesco.org/en/statesparties/ie

    Is rud tábhachtach é Unesco World Heritage Sites a bheadh ag tír, mar gheall ar an airgead turasóireachta a thagann in éineacht leis.
    Mar shampla, chuaigh bean i mo bhanna ceoil go dtí an Sualainn cúpla bliain ó shin, agus chuaigh sí ar lorg na háiteanna seo.
    Agus táimse i mbun turas go dtí an Ghearmáin a leagan amach agus bhreathnaigh mé ar an liosta chomh maith.

    ReplyDelete
  8. B'fhéidir go bhfuil baint leis seo cionsiocar lenár n-éagmais ar an liosta sin:
    "In 1984, the United States withheld its contributions and withdrew from the organization in protest, followed by the United Kingdom in 1985 and Singapore in 1986. Following a change of government in 1997, the UK rejoined. The United States rejoined in 2003, followed by Singapore on 8 October 2007."
    Chaith mé sraicfhéachaint ar UNESCO, agus níl a fhios agam nach bhfuil ann ach airgead caite amú. Níl gá ar bith ag SAM le heagras mar sin chun insint dúinn go bhfuil snagcheol tábhachtach, mar shampla.

    ReplyDelete
  9. Is dóigh liom go mbíonn ró cheartú i gceist uaireanta i gcásanna mar seo: go bhfeictear fiúntas i nithe atá ag mionlach, nó san tríú domhain, cionn is gur ann atá siad, agus neamhfiúntas san rud Iartharach, go háirithe más leis an cine geal é, nó má bhaineann an cine geal pléisiúr as.

    ReplyDelete
  10. Aontaím le Séamas. Níl gá leis abhus anseo. Feicim anois é:

    “Cén fáth a bhfuair na snake handlers seo aitheantas nach bhfuair na snake handlers sin?” Nó vice versa.

    ReplyDelete
  11. Ní raibh mé ar an eolas faoin liosta sin. Is dóigh liom go gcuideodh sé le turasóireacht, dá mbeadh daoine ar an eolas faoi...

    ReplyDelete
  12. Mo chuimhne, iománaíocht is fearr liom féin a úsáid...:-)

    ReplyDelete
  13. Airgead caite amú, gan amhras, fiú go bhfuil níos lú á chaitheamh acu le deich mbliana anuas...
    http://en.wikipedia.org/wiki/UNESCO#Internal_reforms

    ReplyDelete