03 Bealtaine 2010

míorúilt nó calaois eile?



“Tá sé thar am againn aire na bhfíréan a tharraingt ó na ceannlínte, do Naofacht!”

“Maith an smaoineamh, do Shoilse! Tabhair isteach an magic show !”

5 comments:

  1. Gan amhras tá an ceart agat, seo seó chun aird a tharraingt sa treo eile.

    Chomh maith leis sin, cheap mé go raibh sé cruthaithe cheana gur bréag a bhí ann? An bhfuil an pápa ag adhradh déithe bréagaigh!

    ReplyDelete
  2. Tá an Vatacáin thar a bheith coy faoin “íocón” seo. Ní deir siad gurb é aghaidh Íosa atá le feiceáil ar an éadach. Ach ní deir siad a mhalairt ach oiread, agus tá sé curtha i lár an aonaigh acu. Agus tá lucht Torino / Turin faoi chomaoin acu as a gcuid bialanna & óstán a líonadh le “turasóirí creidimh”, ar ndóigh.

    ReplyDelete
  3. Bhuel ón nasc a chuir tú suas feicim an pápa ar a ghlúine ag guí os a chomhair!
    Feictear domsa go gcreideann sé gur Íosa atá ann, in ainneoin na fianaise.
    Tá sé ag adhradh Dia bréagach mar sin, dar lena rialacha féin.

    ReplyDelete
  4. Is dóigh liom go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Pápa ar na rialacha, mar a thugann tú orthu.

    Agus níl fianaise cinnte ann bealach amháin ná bealach eile faoin marbhfháisc seo; mar sin níl aon breith tugtha ag an Eaglais air.

    ReplyDelete
  5. Is cuma ann nó as d'fhianaise, creidfidh daoine an rud a chreideann siad, as cibé leabhar nó téacs a fheileann dóibh, faoi cibé íocón a fheileann don chreideamh s'acu a chur chun cinn.

    'Faith' a chairde, chan fianaise atá i gceist, feictear dom, agus is féidir an dá rud a chruthú, ach daoine leis an dearcadh céanna a fháil mar leantóirí.

    Ar ndóigh, tá leantóirí ag na haindiachaithe chomh maith céanna agus is dóigh go bhfuil a bhfianaise féin acusan, freisin...:-)

    ReplyDelete