22 Bealtaine 2010

Má tá suim agat in Íosa...



... mholfainn duit an t-alt seo sa New Yorker a léamh.

7 comments:

  1. Feiceann daoine 'an fhírinne' cibé áit a fheileann sé dóibh a bhfírinne a fheiceáil, feictear dom, a Dennis, agus ní athróidh siad a n-intinn, is cuma cén fhianaise atá ar fáil.

    A chomhairle féin do mhac Anna...

    ReplyDelete
  2. Suimiúil mar alt é, Dennis, ach maidir liom féin, ní raibh a dhath ann nach raibh léite agam cheana, ina iomlán nó i bhfoirm léirmheasa in irisí de leithéid America, Commonweal nó First Things nó go fiú in Book Review an NYT agus The New York Review of Books. Measaim gur suirvé maith an t-alt ar a tharlaíonn nuair a dhéanann neach teoranta (daoine) iarracht cur síos ar nach neamhtheoranta (dia). Cuireann sé i gcuimhne dom an scéal faoin ngrúpa dall agus an eilifint.

    ReplyDelete
  3. Suirvé an-mhaith ar an rud ar a dtugtar Scoláireacht an Tiomna Nua atá ann, ceart go leor. Níl na léirmheasanna eile a luaigh tú léite agam, gan trácht ar na leabhartha féin. Mar sin bhain mé an-tairbhe as an alt seo mar achoimre.

    ReplyDelete
  4. Alt suimiúil Dennis. Tá leabhair Pullman agus McCulloch ordaithe anois agam agus déanfaidh mé cur síos orthu nuair atá siad léite agam, ach mar a deir Áine, nílim ag súil le athrú intinne ar mo thaobhsa dá mbarr.

    ReplyDelete
  5. An-spéisiúil. Tá roinnt léite agam faoi stair na Críostaíochta.

    Cuireann sé eagla ar go leor Críostaithe a bheith ag plé leis an stair sin.

    ReplyDelete
  6. Tá an t-alt sin bunaithe ar an smaoineamh go dtagann an creideamh (agus an Eaglais) ón mBíobla, seachas a mhalairt. An mhalairt atá fíor, ámh. Sin an fáth go bhfuil a fhios againn conas an Bíobla a thuiscint. Nuair a caitheadh an tuiscint sin amach an fhuineog, briseadh an eaglais ina smidiríní protastúnacha.

    ReplyDelete
  7. Tuairim eile.

    Aontaímse (quelle surprise) le Seámas.

    Níl eagla ar bith orm roimh an stair - ach glacadh leis ina iomláine, seachas na giotaí a thacaíonn le argóint frith eaglasta éigin.

    ReplyDelete