19 Bealtaine 2010

Iníonra ar an Áirc


Deir na focail gurb iad seo “iníonra na háirce”. Feicim dhá cheann gan cholainn ar dheis.


Ach céard é seo ar clé? Ceann le colainn? Agus colainn le cíocha?


Do bharúil, led thoil?

5 comments:

  1. Ceathrar ban a bhí ann, de réir an ailt seo

    Mar sin, is dócha go bhfuil an ceart agat. Ach cuireann an cnap úd mearbhaill orm. Is féidir gur ceann ós comhair cinn atá i gceist.

    ReplyDelete
  2. Deacair a rá, ach más ceathrar ban atá i gceist, ansin ceathrar ban atá ann, is dócha, le cíocha duine acu, ar a laghad, nochtaithe.

    An raibh mic na háirce lomnocht, meas tú?

    ReplyDelete
  3. Ní raibh, go bhfios dom.

    Ach tar éis dóibh teacht i dtír arís, rinne Naoi amadán de féin, agus é caochta - mórán mar a rinne an bhean bhocht i mír eile Dennis.

    Lean iarmhairtí as sin, gan amhras. Ba baolach agus barrúil iad an dream na patrarc.

    ReplyDelete
  4. N'fheadar faoi chíocha, tá siad tarraingthe cosúil leis na súile eile. Seans gur botún atá sa chnap sin

    ReplyDelete