08 Bealtaine 2010

“higgledy-piggledy”


An Ghaeilge atá ag de Bhaldraithe ar “higgledy-piggledy” ná “ar fud a chéile”. Tá go maith agus níl go dona.


Ach tháinig mé ar leagan eile an lá cheana, teilgean cainte a thaitin go mór liom, mar atá “ar mhuin mhairc a chéile”. “Thrown on top of one another, higgledy-piggledy” an sainmhíniú a thugann FGB air.

Fuair mé an teilgean seo i bhfonóta le Tomás Ó Floinn ina aistriúchán den scigaithris Aisling Mhic Conglinne:

“Tá caite ar muin marc a chéile anseo bailiúchán ráite a gheibhtear coitianta ar ‘chóireacha catha’ na scéalaíochta, tagairtí liteartha, pisreoga, foirmlí folamha -- nithe nach ceart a dhéanamh nó a mba dheacair a dhéanamh -- baothántaíocht agus cuma na céille uirthi.”

Séard atá i gceist aige ná an carn de ráite -- 39 acu -- a chuireann an téacs faoi bhráid an léitheora in aon gheábh amháin. Ráite ar nós an chinn seo:


5 comments:

  1. An míniú atá ag O'Rahilly:

    boidrisg (var. bodraisg) 'a set of ignorant but pretentious people'

    Ó “bod + gráisg” más fíor dó.

    ... greann dá chur i gcoidreamh [gcaidreamh]
    idir bhoidrisg do dhaoine duairce.

    ReplyDelete
  2. Hmm. Daoscar slua, a deir DIL - ach is dó Dánfhocail an Rathaillagh an t-aon tagairt acu.

    ReplyDelete
  3. 'caite i mullach a chéile' a thagann chugam go nádúrtha, nó fiú 'bhí siad trína chéile', dá mbeadh rudaí caite i mullach a chéile...:-)

    ReplyDelete