10 Bealtaine 2010

builder's tea?



Cad é an Ghaeilge air?

14 comments:

  1. Tae an tsaoir? (Níl fhios agam, ní raibh an nath cloiste agam roimhe)

    ReplyDelete
  2. Cloisim ó Shasanaigh é, ach shíl mé raibh sé in úsáid in Éirinn freisin. Tae láidir le bainne agus siúcra atá ann.

    ReplyDelete
  3. An tae nach bhfuil láidir....

    ReplyDelete
  4. Agus mé im fochéimí ollscoile théinn gach samhradh go dtí An Bhreatain ag lorg oibre. De ghnáth, ba le próiseáil bia a bhínn gafa, piseanna a channú nó súnna talún a reo. Ar uaire, de bharr droch aimsire, bhíodh séasúr gearr againn agus ansin ba ghnáth liomsa déanamh ar Londan chun jab a fháil ar láthair tógála agus sin mar a chuir mé aithne den chéad uair ar “builders’ tea.” Te, láidir agus thar gach rud eile, milis. Faoi dhó sa lá, thart ar 10 a.m. agus 2 p.m. muga den stuif ag gach éinne. Bheifeá faoi amhras, measaim, dá ndiúltófá dó, ach ní cuimhin liom briosca a bheith mar chuid den deasghnáth.

    ReplyDelete
  5. Thug mé aithne ar an rud seo den chéad uair san India, cé nach builder's tea a tugadh air ansin. Sin an saghas tae a fhaightear i ngach chai kii dukaan चाय की दुकान sa tír. Cuirtear duilleoga tae, siúcra, bainne agus uisce i sáspan beag, cuirtear an sáspan os cionn an lasrach, baintear fiuchadh as go tapa, scagtar isteach i gcupán é, agus voilà. Saor, láidir, ar fáil chuile áit, agus réasúnta sábháilte nuair nach bhfuil an t-uisce iontaofa. Baineadh feidhm as cupáin chréafóige aon-úsáide nuair a bhí mé thall i bhfad ó shin. Chaití sa gháitéar iad nuair a bhí siad folamh. N.B.: níor cuireadh aon spíosraí sa chai, murab ionann agus an chai a dhíoltar ag Starbucks, etc. inniu.

    ReplyDelete
  6. Má táimid ag iarraidh ainm Gaelach ar an tae seo caithfear é a ainmniú i ndiaidh duine a dhéanadh é. Tae Mhainice Bhid Néill, abair. Tá súram tae ag Niall Ó Dónaill. Tá cuma sách oirthearach ar an bhfocal 'súram', sílim.

    ReplyDelete
  7. Is trua nach raibh tae againn i ré na laoch. Bheadh “tae Chonchobhair” nó “tae Con Culainn” nó rud éigin mar sin againn gan dabht.

    Tae a sheasann an spúnóg ann? Tae na spúnóige ar aire? Tae ramhar? Naaahh

    ReplyDelete
  8. AAAAaarghh faoi dhó! Chomh luath agus atá sé romham i ndubh & bán, *bam*!

    Recte: tae a seasann an spúnóg ann

    ReplyDelete
  9. Beidh cupán tae bildeála agam led' thoil -darjeeling díchaiféinithe le casnóg liomóide.

    ReplyDelete
  10. Cupán an Ghobáin, b'fhéidir?

    @ 'an tae nach bhfuil láidir'

    Maith thú, a Aonghuis...;-)

    ReplyDelete
  11. Ar ól Fíor-Ghael den seandream tae lag gan bhainne gan siúcra riamh?

    “Tae Gaelach” is ea é, gan dabht dá laghad.

    QED.

    ReplyDelete