07 Bealtaine 2010

ar shlí na fírinne nó ar fionraí?



Cé acu ceann a thiocfaidh as ais níos luaithe, an punt Éireannach nó an eilc Éireannach? Leis an dul chun cinn uilig atá á dhéanamh i gclónáil agus in eastóscadh DNA ar na mallaibh ar láimh amháin, agus leis an amhras faoin euro atá ag fás go fóill ar an láimh eile, níl mé cinnte.

5 comments:

  1. B’iontach suimiúil iad na boinn Éireannacha, a n-ainmneacha agus na híomhánna a bhí orthu.
    Feoirling; leathphingin; pingin; píosa trí phingin; réal; scilling; leathchoróin. Mé ag ceapadh go raibh mé sna Stáit sular eisíodh an ‘punt’. Ach ceist agam oraibh. Is cuimhin liom máistir scoile a deireadh “Ní thabharfainn toistiún ar a leithéid” agus creidim gur bhonn ceithre phingin a bhí i gceist. An bhfaca éinne agaibh ‘toistiún’ riamh?

    ReplyDelete
  2. Ní cuimhin liom an bhfaca, a Sheáin, ach tá cuimhne agam orthu.

    @ 'níl mé cinnte' - mise, ach oiread, a Dennis!

    ReplyDelete
  3. hÉiríodh as an ngroat a bhualadh sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 1856, dar le Wikipedia. Is dóigh liom gurb ionann groat agus toistiún.

    ReplyDelete
  4. “a shilling of Henry VIII of England decreasing in value to ninepence and then to sixpence in Shakespeare's time” de réir Merriam-Webster. I bhfoclóir Uí Dhónaill is ionann ‘toistiún’ agus ‘a four penny piece’, an luach (12 > 9 > 6 >4) ag titim de shíor go dtí nárbh ann don bhonn?

    ReplyDelete