17 Bealtaine 2010

Áirc Naoi



Tá an scéimléaráid seo de Áirc Naoi le fáil sa lámhscríbhinn G 3 i Leabharlann Náisúnta na hÉireann. Is féidir, cé nach bhfuil sé cinnte, gurbh é Ádhamh Ó Cianáin an scríobhaí a tharraing í sa 14ú haois. Tá teideal na léaráide le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ag barr an leathanaigh:



Denam na hairce andseo
sliabh armenía fuithe

Déanamh na háirce anseo;
Sliabh Armenía faoi

Tá lipéid eile ann a mhíníonn úsáid na spásanna san áirc. Mar shampla, tá lipéad faoin díon ar an taobh deas a deir:

Andseo
do badar en
laith na hairce

Anseo
do bhíodar éan-
laith na háirce

Tá dhá éan le feiceáil ar in aice leis an áirc ar an taobh clé: an coruus (.i. préachán nó fiach) agus an columba (.i. colm) os a chionn. Ní féidir liom ach cuid den lipéad atá buailte leis an gcolm a léamh:

Aig sin mar d(t)ainig
in colaim didiu (?)
isin sgel 7 a
craebh na
bel

Tá a fhios againn, ar ndóigh, go raibh craobh úr olóige i mbéal an choilm nuair a tháinig sé ar ais an dara huair. B'fhéidir go mbeidh duine éigin eile in ann na focail seo a dhéanamh a mach.

Is dóigh liom, ar an láimh eile, go bhfuil an lipéad seo, atá suite i mbolg na háirce, réasúnta éasca a léamh:

10 comments:

  1. Wow, ní fhaca mé riamh aistriúchán díreach ón sean-téacs. Cheapas go raibh an tsean-Ghaeilge i bhfad difriúl ó Ghaeilge ár linne. Ní thuigim ach amháin an focal 'anseo' sa lipéad deireanach, áfach. Cuirim an milleán ar scríbhneoireacht an mhanaigh, ar ndóigh!

    ReplyDelete
  2. Tá an céad líne éasca
    andseo no bidh
    Ach níl cliú dá laghad agam faoin tarna líne
    each rind na bair air s
    capall le hadharca.Ach ansin b nó l agam, air nó arus agus air gan an líne trid. Agus ansin s leis féin.
    beidh orm níos mó oibre a dhéanamh leis

    ReplyDelete
  3. @ John - Ní Sean-Ghaeilge é seo. Meascán de Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus de Mheán-Ghaeilge atá ann. Nua-Ghaeilge Mhóch an teanga a bhí á labhairt ag an am sin, ca. 1350, ach ba nós le lucht léinn giotaí ársaíochta a mheascadh tríd a gcuid Gaeilge.

    @ GFG - Tús maith! Seo agat é:

    Andseo nobidh eachraidh na hairqis

    [Is] anseo do bhíodh eachraidh na háirce

    Níl a fhios agam cén fáth ar scríobh mo dhuine “áircis” i leaba “áirce”. Is féidir gur thosaigh sé ag scríobh “air” arís de thaisme, gur thug sé an botún faoi deara, nár scríobh an trasnán a sheasann don litir ‘r’. Ag an bpointe sin bhí ‘q’ aige le ‘i’ beag os a chionn. Thug sé iarracht ansin ar an bhfocal a shlánú, ag déanamh “áircis” de. Sin míniú amháin, ar aon nós!

    ReplyDelete
  4. Cathain a tháinig an h isteach sa teanga

    ReplyDelete
  5. An ‘h’ ag tús focail atá tú a rá? Bhí an fhuaim /h/ ann i gcónaí, ach níor scríobh na Sean-Ghaeilgeoirí go rialta í.

    a) Bhí /h/ le cloisteáil in “a shúil” (= his eye), foirm shéimhithe den ainmfhocal “súil”. Scríobh siad an /h/ seo le ‘ṡ’ (s buailte, s le ponc os a chionn).

    b) Bhí /h/ le cloisteáil in “a ech” (= a heach = her steed) agus “a athair” (= a hathair = her father), ach níor scríobhadh an /h/ seo de ghnáth.

    c) Chuir siad an litir ‘h’ roimh fhocail bheaga go minic le níos mó téagair a thabhairt dóibh, fiú nuair nach raibh an fhuaim /h/ le cloisteáil iontu ar chor ar bith: “hi” in áit “i” (= in), “hé” in áit “é”, agus mar sin de.

    ReplyDelete
  6. Sin iontach Dennis grma.
    An cloigeann moncaí é sin ag ceann an bháid?

    An mbeadh tuiscint acu ar mhoncaithe in Éirinn ag an am sin!!

    ReplyDelete
  7. Mothaím amaideach. Bhí h agam ach dúirt mé liom féin níl h sa Ghaeilge!

    ReplyDelete
  8. @ Dubhaltach

    Níl a fhios agam an moncaí nó fear é. Bhí a fhios acu -- bhuel, ag cuid acu -- go raibh ápaí ann, cinnte. Seo fíric shuimiúil duit: fuair an seandálaí Dudley Waterman cloigeann d'ápa Barbarach in Eamhain Mhacha le linn dó an suíomh a thochailt sna seascadaí.

    ReplyDelete
  9. Awsome mar a déarfá!
    An bhfuil an cloigeann le feiceáil in aon iarsmalann an bhfuil a fhios agat?

    ReplyDelete
  10. Is cosúil go bhfuil sé sa Bhritish Museum anois. Níl a fhios agam an bhfuil sé i dtaisce nó ar taispeáint.

    ReplyDelete