19 Nollaig 2009

Tá an saol ró-ghairid le bheith ag ól droch-fhíona.



“Mmmm. Breochlochach agus beagáinín spíosrach. Braithim dair, fanaile agus soupçon de chnó cócó ann. Srón dheas. Áiméan.”

37 comments:

  1. Nílim ró thógtha leis an gceann seo!

    ReplyDelete
  2. Bhí a fhios agam go raibh mé ag siúl ar an imeall anseo. Ach is deacair an teorainn idir greann agus neamh-ghreann a aithint minic go leor, ach braitheann sé ar an duine, ar ndóigh. Déanta na fírinne, ghoid mé an ceann seo ó chartún san uimhir reatha den New Yorker (Dec. 21 & 28, nach bhfuil ar líne fós). Maidir le greann is blaisféim, an bhfaca tú an scéal seo ó Aukland faoin gclár fógraí a thóg Eaglais Anglacánach?

    ReplyDelete
  3. Chonaic. I bhfad níos measa, feictear dom. Agus níl sé chomh greannmhar sin ach oiread.

    Maidir le blaisféim, sin ceist eile. Braitheann sin ar an cúis.

    Glacaim leis go raibh greann i gceist agat - ach nach bhfeictear greann domsa ann, toisc an ábhar a bheith ró shollúnta domsa.

    Maidir leis an drong thíos, feictear dom gur teip atá ann a dteachtaireacht a chuir i bhfeidhm - toisc gur bhearnaigh siad é.

    ReplyDelete
  4. Cén saghas fíona a chuirtear sna cailísí na laethanta seo? Tá an chailís seo déanta as ór. Nár cheart fíon den chéad scoth a chur ann?

    Dála an scéil, chuala tú, gan dabht, an méid a dúirt Boniface Naofa:

    “Quondam sacerdotes aurei ligneis calicibus utebantur; nunc e contrario, lignei sacerdotes aureis utuntur calicibus.”

    ReplyDelete
  5. Chuala an nath úd i nGaeilge, ach luaite le Oilibhéar Pluincéad.

    ReplyDelete
  6. Feictear greann ann domsa, toisc nach duine cráifeach mé. Braitheann sé ar an duine, mar a deir sibh.

    Tugaim faoi deara, na jokanna nach dtaitníonn liomsa, sin jokanna a bhíonn ag spochadh as pobal éigin a mbainim féin leis, mar shampla "inimircich as oirthear na hEorpa" nó "gaeilgeoirí". Don té nach mbaineann leis an phobal sin, joke neamhurchóideach atá ann. Don té a bhainann, joke agus drochbhlas air atá ann.

    Seans gur riail ghinearálta é seo -- agus seans go bhfuil tráchtas scríofa ag eolaí éigin air. Tá eolaithe ann a dhéanann staidéar ar an ghreann, bíodh a fhios agaibh!

    ReplyDelete
  7. Grinnstaidéir, tá súil agam!

    ReplyDelete
  8. Bhain tú stangadh asam, Dennis. Eagal liom go ndeachaigh tú thar fóir agus ní haon leithscéal é go ndeachaigh daoine eile níos faide thar fóir.

    ReplyDelete
  9. Ná cuireadh an chritic lagmhisneach ort, Dennis. Is leatsa an blag seo, tar éis an tsaoil.

    ReplyDelete
  10. Caithfidh mé a rá go dtaitníonn an píosa grinn liom. Agus neamhúrchóideach ar fad i gcomórtas leis a mbíodh ar siúl ag na freastalaithe aifrinn (giollaí altóra?) tráth dá raibh!

    Mar sin féin is log mianach é an reiligiún uaireanta ó thaobh an ghrinn de.

    ReplyDelete
  11. tráchtas scríofa ag eolaí éigin air
    Tháinig an leabar seo amach an bhliain seo caite: Stop Me If You've Heard This: A History and Philosophy of Jokes. Chaith mé súil air sa siopa leabhar ach níor cheannaigh mé é. Tá sé beagán tanaí, go litriúil agus go meafarach.

    @ Ormondo - Log mianach, gan dabht dá laghad! Ach is dual don chrosán ruathar a thabhairt ann ó am go chéile.
    ;-)

    ReplyDelete
  12. Dar le Aquinas, tá difríocht idir 'substance' agus 'accident'. Tá sé soiléir go bhfuil an bhean rialta sa phictiúir ag caint faoin 'accident'. Ní raibh Dennis ag magadh faoin 'substance' naofa ar chor ar bith! ;)

    ReplyDelete
  13. Sin, gan amhras, léamh thar a bheith Íosánach ar an gceist!

    ReplyDelete
  14. Feicim an greann agus is maith liom é, ach, is greann measartha searbh atá ann?
    Cosúil leis an bhfíon a bhíonn sa chailís thuas.

    ReplyDelete
  15. Huh! caithfidh mé a rá go soiléir nach dtaitníonn an cineál jóc neamh-ghrinn seo liom in aon chor. Ba chóir go mbeadh a fhios agat, a Dhennis, go gcuirfeadh sé goimh ar dhaoine. Tá sé fuirist bheith ag spocadh as sinne; cognoscenti na finiúna. Cuirimid saothor mór orainn féin chun ár stór focal tuirisciúil a fhoghlaim. Ní haon chúis gáire é. Táim chun fíonta California a bhaghcatáil as seo amach mar agóid.

    Míshásta

    ReplyDelete
  16. Níor chaill tú riamh é a Mhí. Bhain sin gáire asam murab ionann agus an blag mhír.

    ReplyDelete
  17. @ Míshásta - :-) !!

    Dála an scéil, is fíonta as Stát Washington, mar a bhfuil cónaí orm, is mó a ólaim féin.

    ReplyDelete
  18. An fíonta "tirime" iad?

    Is breá liomsa fíon geal tirim na Gearmáine, ach níl teacht ar aon bhraon fiúntach abhus, toisc nár seoladh anseo riamh ach dríodar an fhíon gheal Gearmánach, agus droch cháil dá réir ar fíonta na Gearmáine.

    ReplyDelete
  19. @aonghus Níl an focal 'Íosánach' ag Ó Dónaill nó ag Ó Duinín - Jesuitical an ea?

    ReplyDelete
  20. @aonghus Bain triail as an Riesling ón Clare Valley san Astráil Theas - fíon geal tirim cuíosach láidir.

    ReplyDelete
  21. Jesuitical a bhí i gceist agam, sea.
    GRMA as an nod.

    ReplyDelete
  22. @ Aonghus - Is maith liom na fíonta a thagann ó cheantar Walla Walla. Tá cúpla grianghraf an-deas ar an suíomh seo chomh maith.

    ReplyDelete
  23. Cad é atá níos measa? Tá bean rialta ag tabhairt Comaoineach di féin, nó an greann Dennis. Hmmm …

    ReplyDelete
  24. Ná habair gur fadhb é sin chomh maith?! Tá mé sooo as an lúb. Tógadh mar Phreispitéireach mé, a bheag nó a mhór, agus ní bhfuair muid an Chomaoin ach anois is arís, i ngloiní beaga a bhí cosúil le promhadáin, ceann amháin do gach duine, agus sú milis fíonchaor iontu. Pé scéal é, Nollaig Shona duit, a Shéamais!

    ReplyDelete
  25. http://www.newadvent.org/summa/4082.htm#article3

    (as Béarla):(

    ReplyDelete
  26. Bhuel, le tamaill níl an riail sin i bhfeidhm chomh docht céanna. Tá Ministéirí Urghnácha ceadaithe faoi chúinsí airithe. Mar sin, glacaim leis nach raibh aoin rud neamhghnách ar bun ag an mbean rialta sa ghrianghraif.

    Maidir le Talmudachas, tá a ait aige i gcreideamh. Tá cuir síos mion sa Bhíobla ar mhianta Dé i leith an Teampaill.

    Ach is deacair Tomás Acúin a shárú i glé léiriú na smaointe caoi.

    ReplyDelete
  27. Feic Eabh 5:1. Gníomhaíonn an sagart in persona Christi, ní an bhean rialta.

    ReplyDelete
  28. Cinnte. Ach ceist eile ar fad an chomaoin a dháileadh.

    ReplyDelete
  29. An fordheasgnáthas agus an chásaisteacht atá i gceist leis an bhfocal "Talmudachas", is dócha. Ceist fhealsúnach í gan amhras: an féidir creideamh a bheith ann gan an deasghnáth? Má chloítear ró-dhocht leis an deasgnáth, an gceiltear an teachtaireacht ar an bpobal?

    Tá sé tugtha faoi deara agam gurb iad na mná is mó a mbíonn suim acu i gcúrsaí deasghnáthaíocha agus a dtaitníonn a leithéid leo. Agus is mó cailíní ná buachaillí a fheictear ar an altóir sa lá inniu.

    Maidir le todhchaí an reiligiúin: an mbeidh "an chailís i lámha" na mban amach anseo?

    ReplyDelete
  30. Úsáideann an Eaglais Oirthearach spúnóg.

    http://www.catholicnews.com/photos/09hp0427.jpg

    ReplyDelete
  31. Is dóigh liom go raibh Dennis ag tagairt do chastacht agus ilghnéitheacht smaointe Acúin ar an gceist.

    Maidir le do cheist eile, sin casadh eile san scéal.

    ReplyDelete
  32. “Ach ceist eile ar fad an chomaoin a dháileadh.”

    An dtugann tú cuireadh do cairde chuig bainis agus ag brath ar chabhair a fháil uathu? An é seo an fhéile?

    ReplyDelete
  33. Maidir le todhchaí an reiligiúin: an mbeidh "an chailís i lámha" na mban amach anseo?

    Kinder, Küche, Kirche ?

    Maidir leis an gKüche, tá leabhar á léamh agam faoi láthair, Catching Fire: How Cooking Made Us Human a mhaíonn gur tháinig gender roles isteach le cócaireacht, a tháinig isteach go díreach tar éis smacht a fháil ar thine, rud a tharla i bhfad bhfad ó shin, sula raibh muid céad faoin gcéad inár neacha daonna. Pé scéal é, is iad na mná a rinne cócaireacht an tí i ngach uile phobal ar domhan go dtí le fíor-dhéanaí.

    ReplyDelete
  34. Chuile dhuine agus a fhírinne féin aige, a Dennis...-)

    ReplyDelete