Tháinig mé ar an bpictiúr seo, le Joey Fauerso, de thimpiste an lá cheana. Chuir sé scéilín i gcuimhne dom, scéilín ón India faoin “Leanbh is Dia” eile. Balakrishna .i. Krishna an Páiste, atá mé a rá.
Nuair a bhí Krishna ina thachrán, i bhfad níos óige ná an fear óg thuas, bhí sé ag súgradh sa chlós lena dheartháir mór agus leis na páistí eile. Chuir an leaidín píosa créafóige ina bhéal. Rith na páistí eile chuig Yashoda, a bhuime, agus dúirt siad léi, “Tá Krishna ag ithe créafóg!”
“O, nach ndúirt mé leat gan rudaí a chur i do bhéal, a mhaicín?”
“Níor chuir,” a dúirt Krishna faoina fhiacla.
“Oscail do bhéal mar sin le go bhfeicfidh mé.”
D'oscail.
Baineadh an anáil de Yashoda. Chonaic sí an chruinne go léir sa bhéal sin: sléibhte, aibhneacha, pláinéid, grianta, réaltraí, spás agus am, neacha saolta agus neamhshaolta, gan chríoch gan stad! Do chuir a meabhair thar maoil agus thit sí i meirfean.
Sin é mo scéal agus más bréag uaim é, ba bhréag chugam é, ní mise a chum ná a cheap.
No comments:
Post a Comment