Bhí a fhios agam go raibh mé ag siúl ar an imeall anseo. Ach is deacair an teorainn idir greann agus neamh-ghreann a aithint minic go leor, ach braitheann sé ar an duine, ar ndóigh. Déanta na fírinne, ghoid mé an ceann seo ó chartún san uimhir reatha den New Yorker (Dec. 21 & 28, nach bhfuil ar líne fós). Maidir le greann is blaisféim, an bhfaca tú an scéal seo ó Aukland faoin gclár fógraí a thóg Eaglais Anglacánach?
Feictear greann ann domsa, toisc nach duine cráifeach mé. Braitheann sé ar an duine, mar a deir sibh.
Tugaim faoi deara, na jokanna nach dtaitníonn liomsa, sin jokanna a bhíonn ag spochadh as pobal éigin a mbainim féin leis, mar shampla "inimircich as oirthear na hEorpa" nó "gaeilgeoirí". Don té nach mbaineann leis an phobal sin, joke neamhurchóideach atá ann. Don té a bhainann, joke agus drochbhlas air atá ann.
Seans gur riail ghinearálta é seo -- agus seans go bhfuil tráchtas scríofa ag eolaí éigin air. Tá eolaithe ann a dhéanann staidéar ar an ghreann, bíodh a fhios agaibh!
Caithfidh mé a rá go dtaitníonn an píosa grinn liom. Agus neamhúrchóideach ar fad i gcomórtas leis a mbíodh ar siúl ag na freastalaithe aifrinn (giollaí altóra?) tráth dá raibh!
Mar sin féin is log mianach é an reiligiún uaireanta ó thaobh an ghrinn de.
tráchtas scríofa ag eolaí éigin air Tháinig an leabar seo amach an bhliain seo caite: Stop Me If You've Heard This: A History and Philosophy of Jokes. Chaith mé súil air sa siopa leabhar ach níor cheannaigh mé é. Tá sé beagán tanaí, go litriúil agus go meafarach.
@ Ormondo - Log mianach, gan dabht dá laghad! Ach is dual don chrosán ruathar a thabhairt ann ó am go chéile. ;-)
Dar le Aquinas, tá difríocht idir 'substance' agus 'accident'. Tá sé soiléir go bhfuil an bhean rialta sa phictiúir ag caint faoin 'accident'. Ní raibh Dennis ag magadh faoin 'substance' naofa ar chor ar bith! ;)
Huh! caithfidh mé a rá go soiléir nach dtaitníonn an cineál jóc neamh-ghrinn seo liom in aon chor. Ba chóir go mbeadh a fhios agat, a Dhennis, go gcuirfeadh sé goimh ar dhaoine. Tá sé fuirist bheith ag spocadh as sinne; cognoscenti na finiúna. Cuirimid saothor mór orainn féin chun ár stór focal tuirisciúil a fhoghlaim. Ní haon chúis gáire é. Táim chun fíonta California a bhaghcatáil as seo amach mar agóid.
Is breá liomsa fíon geal tirim na Gearmáine, ach níl teacht ar aon bhraon fiúntach abhus, toisc nár seoladh anseo riamh ach dríodar an fhíon gheal Gearmánach, agus droch cháil dá réir ar fíonta na Gearmáine.
Ná habair gur fadhb é sin chomh maith?! Tá mé sooo as an lúb. Tógadh mar Phreispitéireach mé, a bheag nó a mhór, agus ní bhfuair muid an Chomaoin ach anois is arís, i ngloiní beaga a bhí cosúil le promhadáin, ceann amháin do gach duine, agus sú milis fíonchaor iontu. Pé scéal é, Nollaig Shona duit, a Shéamais!
Bhuel, le tamaill níl an riail sin i bhfeidhm chomh docht céanna. Tá Ministéirí Urghnácha ceadaithe faoi chúinsí airithe. Mar sin, glacaim leis nach raibh aoin rud neamhghnách ar bun ag an mbean rialta sa ghrianghraif.
Maidir le Talmudachas, tá a ait aige i gcreideamh. Tá cuir síos mion sa Bhíobla ar mhianta Dé i leith an Teampaill.
Ach is deacair Tomás Acúin a shárú i glé léiriú na smaointe caoi.
An fordheasgnáthas agus an chásaisteacht atá i gceist leis an bhfocal "Talmudachas", is dócha. Ceist fhealsúnach í gan amhras: an féidir creideamh a bheith ann gan an deasghnáth? Má chloítear ró-dhocht leis an deasgnáth, an gceiltear an teachtaireacht ar an bpobal?
Tá sé tugtha faoi deara agam gurb iad na mná is mó a mbíonn suim acu i gcúrsaí deasghnáthaíocha agus a dtaitníonn a leithéid leo. Agus is mó cailíní ná buachaillí a fheictear ar an altóir sa lá inniu.
Maidir le todhchaí an reiligiúin: an mbeidh "an chailís i lámha" na mban amach anseo?
Maidir le todhchaí an reiligiúin: an mbeidh "an chailís i lámha" na mban amach anseo?
Kinder, Küche, Kirche ?
Maidir leis an gKüche, tá leabhar á léamh agam faoi láthair, Catching Fire: How Cooking Made Us Human a mhaíonn gur tháinig gender roles isteach le cócaireacht, a tháinig isteach go díreach tar éis smacht a fháil ar thine, rud a tharla i bhfad bhfad ó shin, sula raibh muid céad faoin gcéad inár neacha daonna. Pé scéal é, is iad na mná a rinne cócaireacht an tí i ngach uile phobal ar domhan go dtí le fíor-dhéanaí.
Nílim ró thógtha leis an gceann seo!
ReplyDeleteBhí a fhios agam go raibh mé ag siúl ar an imeall anseo. Ach is deacair an teorainn idir greann agus neamh-ghreann a aithint minic go leor, ach braitheann sé ar an duine, ar ndóigh. Déanta na fírinne, ghoid mé an ceann seo ó chartún san uimhir reatha den New Yorker (Dec. 21 & 28, nach bhfuil ar líne fós). Maidir le greann is blaisféim, an bhfaca tú an scéal seo ó Aukland faoin gclár fógraí a thóg Eaglais Anglacánach?
ReplyDeleteChonaic. I bhfad níos measa, feictear dom. Agus níl sé chomh greannmhar sin ach oiread.
ReplyDeleteMaidir le blaisféim, sin ceist eile. Braitheann sin ar an cúis.
Glacaim leis go raibh greann i gceist agat - ach nach bhfeictear greann domsa ann, toisc an ábhar a bheith ró shollúnta domsa.
Maidir leis an drong thíos, feictear dom gur teip atá ann a dteachtaireacht a chuir i bhfeidhm - toisc gur bhearnaigh siad é.
Cén saghas fíona a chuirtear sna cailísí na laethanta seo? Tá an chailís seo déanta as ór. Nár cheart fíon den chéad scoth a chur ann?
ReplyDeleteDála an scéil, chuala tú, gan dabht, an méid a dúirt Boniface Naofa:
“Quondam sacerdotes aurei ligneis calicibus utebantur; nunc e contrario, lignei sacerdotes aureis utuntur calicibus.”
Chuala an nath úd i nGaeilge, ach luaite le Oilibhéar Pluincéad.
ReplyDeleteFeictear greann ann domsa, toisc nach duine cráifeach mé. Braitheann sé ar an duine, mar a deir sibh.
ReplyDeleteTugaim faoi deara, na jokanna nach dtaitníonn liomsa, sin jokanna a bhíonn ag spochadh as pobal éigin a mbainim féin leis, mar shampla "inimircich as oirthear na hEorpa" nó "gaeilgeoirí". Don té nach mbaineann leis an phobal sin, joke neamhurchóideach atá ann. Don té a bhainann, joke agus drochbhlas air atá ann.
Seans gur riail ghinearálta é seo -- agus seans go bhfuil tráchtas scríofa ag eolaí éigin air. Tá eolaithe ann a dhéanann staidéar ar an ghreann, bíodh a fhios agaibh!
Grinnstaidéir, tá súil agam!
ReplyDeleteBhain tú stangadh asam, Dennis. Eagal liom go ndeachaigh tú thar fóir agus ní haon leithscéal é go ndeachaigh daoine eile níos faide thar fóir.
ReplyDeleteLeithscéal?
ReplyDeleteNá cuireadh an chritic lagmhisneach ort, Dennis. Is leatsa an blag seo, tar éis an tsaoil.
ReplyDeleteCaithfidh mé a rá go dtaitníonn an píosa grinn liom. Agus neamhúrchóideach ar fad i gcomórtas leis a mbíodh ar siúl ag na freastalaithe aifrinn (giollaí altóra?) tráth dá raibh!
ReplyDeleteMar sin féin is log mianach é an reiligiún uaireanta ó thaobh an ghrinn de.
tráchtas scríofa ag eolaí éigin air
ReplyDeleteTháinig an leabar seo amach an bhliain seo caite: Stop Me If You've Heard This: A History and Philosophy of Jokes. Chaith mé súil air sa siopa leabhar ach níor cheannaigh mé é. Tá sé beagán tanaí, go litriúil agus go meafarach.
@ Ormondo - Log mianach, gan dabht dá laghad! Ach is dual don chrosán ruathar a thabhairt ann ó am go chéile.
;-)
Dar le Aquinas, tá difríocht idir 'substance' agus 'accident'. Tá sé soiléir go bhfuil an bhean rialta sa phictiúir ag caint faoin 'accident'. Ní raibh Dennis ag magadh faoin 'substance' naofa ar chor ar bith! ;)
ReplyDeleteSin, gan amhras, léamh thar a bheith Íosánach ar an gceist!
ReplyDeleteFeicim an greann agus is maith liom é, ach, is greann measartha searbh atá ann?
ReplyDeleteCosúil leis an bhfíon a bhíonn sa chailís thuas.
Huh! caithfidh mé a rá go soiléir nach dtaitníonn an cineál jóc neamh-ghrinn seo liom in aon chor. Ba chóir go mbeadh a fhios agat, a Dhennis, go gcuirfeadh sé goimh ar dhaoine. Tá sé fuirist bheith ag spocadh as sinne; cognoscenti na finiúna. Cuirimid saothor mór orainn féin chun ár stór focal tuirisciúil a fhoghlaim. Ní haon chúis gáire é. Táim chun fíonta California a bhaghcatáil as seo amach mar agóid.
ReplyDeleteMíshásta
Níor chaill tú riamh é a Mhí. Bhain sin gáire asam murab ionann agus an blag mhír.
ReplyDelete@ Míshásta - :-) !!
ReplyDeleteDála an scéil, is fíonta as Stát Washington, mar a bhfuil cónaí orm, is mó a ólaim féin.
An fíonta "tirime" iad?
ReplyDeleteIs breá liomsa fíon geal tirim na Gearmáine, ach níl teacht ar aon bhraon fiúntach abhus, toisc nár seoladh anseo riamh ach dríodar an fhíon gheal Gearmánach, agus droch cháil dá réir ar fíonta na Gearmáine.
@aonghus Níl an focal 'Íosánach' ag Ó Dónaill nó ag Ó Duinín - Jesuitical an ea?
ReplyDelete@aonghus Bain triail as an Riesling ón Clare Valley san Astráil Theas - fíon geal tirim cuíosach láidir.
ReplyDeleteJesuitical a bhí i gceist agam, sea.
ReplyDeleteGRMA as an nod.
@ Aonghus - Is maith liom na fíonta a thagann ó cheantar Walla Walla. Tá cúpla grianghraf an-deas ar an suíomh seo chomh maith.
ReplyDeleteCad é atá níos measa? Tá bean rialta ag tabhairt Comaoineach di féin, nó an greann Dennis. Hmmm …
ReplyDeleteNá habair gur fadhb é sin chomh maith?! Tá mé sooo as an lúb. Tógadh mar Phreispitéireach mé, a bheag nó a mhór, agus ní bhfuair muid an Chomaoin ach anois is arís, i ngloiní beaga a bhí cosúil le promhadáin, ceann amháin do gach duine, agus sú milis fíonchaor iontu. Pé scéal é, Nollaig Shona duit, a Shéamais!
ReplyDeletehttp://www.newadvent.org/summa/4082.htm#article3
ReplyDelete(as Béarla):(
Talmudach!
ReplyDeleteBhuel, le tamaill níl an riail sin i bhfeidhm chomh docht céanna. Tá Ministéirí Urghnácha ceadaithe faoi chúinsí airithe. Mar sin, glacaim leis nach raibh aoin rud neamhghnách ar bun ag an mbean rialta sa ghrianghraif.
ReplyDeleteMaidir le Talmudachas, tá a ait aige i gcreideamh. Tá cuir síos mion sa Bhíobla ar mhianta Dé i leith an Teampaill.
Ach is deacair Tomás Acúin a shárú i glé léiriú na smaointe caoi.
Feic Eabh 5:1. Gníomhaíonn an sagart in persona Christi, ní an bhean rialta.
ReplyDeleteCinnte. Ach ceist eile ar fad an chomaoin a dháileadh.
ReplyDeleteAn fordheasgnáthas agus an chásaisteacht atá i gceist leis an bhfocal "Talmudachas", is dócha. Ceist fhealsúnach í gan amhras: an féidir creideamh a bheith ann gan an deasghnáth? Má chloítear ró-dhocht leis an deasgnáth, an gceiltear an teachtaireacht ar an bpobal?
ReplyDeleteTá sé tugtha faoi deara agam gurb iad na mná is mó a mbíonn suim acu i gcúrsaí deasghnáthaíocha agus a dtaitníonn a leithéid leo. Agus is mó cailíní ná buachaillí a fheictear ar an altóir sa lá inniu.
Maidir le todhchaí an reiligiúin: an mbeidh "an chailís i lámha" na mban amach anseo?
Úsáideann an Eaglais Oirthearach spúnóg.
ReplyDeletehttp://www.catholicnews.com/photos/09hp0427.jpg
Is dóigh liom go raibh Dennis ag tagairt do chastacht agus ilghnéitheacht smaointe Acúin ar an gceist.
ReplyDeleteMaidir le do cheist eile, sin casadh eile san scéal.
Sainmhiniú ar Talmudach
ReplyDelete“Ach ceist eile ar fad an chomaoin a dháileadh.”
ReplyDeleteAn dtugann tú cuireadh do cairde chuig bainis agus ag brath ar chabhair a fháil uathu? An é seo an fhéile?
Maidir le todhchaí an reiligiúin: an mbeidh "an chailís i lámha" na mban amach anseo?
ReplyDeleteKinder, Küche, Kirche ?
Maidir leis an gKüche, tá leabhar á léamh agam faoi láthair, Catching Fire: How Cooking Made Us Human a mhaíonn gur tháinig gender roles isteach le cócaireacht, a tháinig isteach go díreach tar éis smacht a fháil ar thine, rud a tharla i bhfad bhfad ó shin, sula raibh muid céad faoin gcéad inár neacha daonna. Pé scéal é, is iad na mná a rinne cócaireacht an tí i ngach uile phobal ar domhan go dtí le fíor-dhéanaí.
Chuile dhuine agus a fhírinne féin aige, a Dennis...-)
ReplyDelete