19 Nollaig 2009

Tá an ghloine seo...



  1. leathlán.
  2. leathfholamh.
  3. dhá uair chomh mór lena a bhfuil ag teastáil.
  4. Hoigh! Cá bhfuil an bheoir?
Do fhreagra?

8 comments:

  1. Bhuel mar innealtóir bogearraí is dócha go mba cheart dom 3 a rá ach is fearr liom 4.

    ReplyDelete
  2. Tá an bheoir i ngloine eile atá in aice láimhe anseo agam. Sláinte!

    ReplyDelete
  3. Le teann soirbhíochais déarfainn go bhfuil an ghloine leathfholamh... agus go n-athlíonfar ar ball í!

    ReplyDelete
  4. Leathlán déarfainn féin, dá mbeadh an cuma air go raibh duine tar éis ól as déarfainn go raibh sé leathfholamh

    ReplyDelete
  5. “Mallacht Dé go bráth
    ar an ngloine ghránna ghann;
    's go mba measa ná sin an lámh
    nár chuir a leathlán ann!”
    - Aodh Ó Domhnaill

    ReplyDelete
  6. 'Sea. Peaca marfach na nGael, gan flaithiúlacht a thaispeáint.
    Níor tháinig mé ar a leithéid i measc aon chine eile roimhe.

    Is minic a bhíonn an iomarca fuisce, branda nó jin i ngloine in Éirinn ar eagla go gceapfadh duine nach raibh flaithiúlacht sa teach.

    ReplyDelete
  7. Sin iontach, bhain chuile dhuine anseo an-spraoi as sin.

    ReplyDelete