20 Nollaig 2009

an t-óltóir agus an leon



Nuair a bhíonn an fíon istigh bíonn an leon amuigh.

Seo pictiúirín ó Leabhar Cheanannais. Is oth liom nach bhfuil ach an líníocht seo agam daoibh. Ní raibh mé in ann grianghraf de a aimsiú ar an idirlíon. Tá mé á chur faoi bhur mbráid toisc go bhfuil teideal nó giota comhrá ag teastáil uaidh. Níl aon rud agamsa fós. Is ag fanacht le hinspioráid --nó le cabhair uaibhse -- atá mé!

Agúisín: Tá mé an-bhuíoch d' Aonghus as ucht an fhoscríbhinne thuas. Feileann an cor a chuir sé sa seanfhocal go hiontach maith don phictiúr!

7 comments:

  1. Smaoineamh amháin: ar mhúnla I CAN HAZ CHEEZBURGER?:

    DEOCH GHOMSA FRISIN, NÓ...

    ReplyDelete
  2. Nuair a bhíonn an fíon istigh bíonn an leon amuigh.

    ReplyDelete
  3. Cuireann an pictiúr thuas daoine a bhfuil an rámhaille póite orthu i gcuimhne dom. Is minic a fheiceann siad ainmhithe nach bhfuil ann, cait an chuid is mó díobh.
    Má tá amhras agat go mbeadh rámhaille póite ar dhuine áirithe, cuir do dhá lámh san aer os comhair a aghaidhe (d'ordóga troigh eatarthu) agus cuir ceist ar an duine --"Cén dath atá ar an sreang?" (Ar ndóigh níl sreang agat")
    Is minic a chuala mé an freagra "Gorm" nó "Rua" san ospidéal. Promhadh leighis eolaíochta é.

    ReplyDelete
  4. Sílim go rabhas san áit a bhfuil mo dhuine agus a leon uair nó dhó, faraor.
    Ach conas atá a fhios againn gur leon atá ann, agus más leon atá ann cad chuige?

    ReplyDelete