29 Nollaig 2009

“suas go dtí mo chluasa”


“Hasta las Narices” le Ivan Puig

Estoy hasta las narices de trabajo.
(lit.) Tá mé go dtí na polláirí d'obair.

Ich stecke bis über die Ohren in Arbeit.

I'm up to my ears in work.

Níl cor cainte a bhaineann úsáid as an íomhá seo ag na Francaigh, áfach, go bhfios dom. Níl aon rud mar sin ag na Gaeil ach oiread. Ach tá ceann an-deas againn mar sin féin, cuimhneachán ar shaol a bhí ann go dtí le déanaí:

Tá na seacht sraith ar an iomaire agam.


5 comments:

  1. Bhuel, is dóigh go bhfuil an ceart agat: níl cor cainte mar sin againn sa bhFrainc.
    Nuair a léigh mé na samplaí sna trí teangacha, smaoinigh mé ar an cainte seo:
    “En avoir par dessus la tête (de quelque chose)”
    Mar shampla: “J’en ai par dessus la tête de ce travail” (Tá mé dubhthuirseach leis an obair seo).

    ReplyDelete
  2. “J’en ai par dessus la tête de ce travail”
    Tá sé sin ar aon dul leis an mBéarla “I've had it up to here with X” = Tá mé bréan / dubh dóite de X.

    Níl a fhios agam céard a deirtear i mórtheangacha eile nuair a tá tú “accablé de travail” .i. tá an iomarca le déanamh agat / you're swamped.

    ReplyDelete
  3. An bhfuilimid cinnte de nach

    "tá mé go dtí na diasa agam d'obair"

    an t-aistriúchán ceart de? ;-)

    ReplyDelete
  4. Nó -- cor cainte eile atá againn -- “tá mé báite in obair.” Níl a fhios agam cén rud a bhfuil an carr thuas báite ann.

    Báite in obair,
    Báite in allas,
    agus ar maos i bpeaca!

    ReplyDelete
  5. Is cor cainte d’urlabhra sách foirmiúil í. Tá “être débordé” níos gairide agus níos cointianta.

    ReplyDelete