29 Nollaig 2009

“solas agus teas gan smúit”



Fuair lucht an tuaiscirt solas agus teas gan smúit leis an qulliq. Tá físeán iontach faoina úsáid ag: Qulliq (Oil Lamp) | IsumaTV .


4 comments:

  1. Suimiúil, a Dennis.
    Léigh mé leabhar cúpla bliain ó shin. Tá fear ann,darb ainm Lawrence Millman, a scríobh scéalta iontacha a chuala sé ó dhaoine i nGreenland agus i dtuaisceart Cheanada.
    "A Kayak Full of Ghosts" is teideal don leabhar. Sa bhliain 1987 a scríobh sé é, thar éis cúairt fhada a thabhairt ar na hInuit. Measaim go mbainfeá sult as.
    Tá cúpla ceist agam faoin qullig. An bhfuil sé déanta d'iarann? Má tá, cathain a fuair siad an iarann ó na daoine Eorpacha?
    Agus conas a bhí na mná in ann an tine bheag a chur ar siúl? Lasáin? nó adhmad a chuimilt?

    ReplyDelete
  2. Dúirt me go minic le mo pháistí go gcaithfidh na hInuit a bheadh i na ndaoine is cliste sa domhan.
    Ní bheinnse in ann maireachtáil sa tír fhuar sin.

    ReplyDelete
  3. Is as cloch atá an qulliq déanta, cloch ghallúnaí (stéitít nó steatite de ghnáth. Snoigh mé leathdhosaen lampaí beaga as stéitít cúpla bliain ó shin. Caithfidh mé buaicis nua agus ola a chur iontu agus iad a lasadh in onóir na bliana nua -- agus grianghraf nó dhó a thógáil don bhlag!

    Go raibh maith agat as A Kayak Full of Ghosts a mholadh.

    ReplyDelete
  4. Sa sean-am bhain siad feidhm as breochloch agus iarnphirít le tine a dhéanamh, más maith mo chuimhe. Tá na spréacha a thagann as imbhualadh na gcloch sin sách te le sponc a lasadh.

    ReplyDelete