17 Nollaig 2009

Sciath Dhearg, etc.


péintéireacht aicrileach le Jim Nelson

Sciath Dhearg
Dath na Spéire
Mac an Fhaolchú
Fear Ionúin

Tá na sloinnte seo uilig á n-úsáid inniu, ina dteanga féin, ag an bpobal seo:

  1. Lakota (Sioux)
  2. Cherokee (Tsalagi)
  3. Svan
  4. uile thuas
  5. eile

13 comments:

  1. Eile?

    Rothschild
    ?
    Wolffson
    Ehrlich

    Sa Ghearmáinís.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Rotshchild
    Himmelfarb
    Wolfs(s)on
    Lieberman(n)

    Maith thú!

    ReplyDelete
  4. Fear grámhar an chiall a bhainfinn as Lieberman. Ní raibh Himmlesfarb cloiste agam.

    An bhfuil na sloinnte coitianta i SAM?

    ReplyDelete
  5. Tá, réasúnta. Tá cairde agam féin a bhfuil na sloinnte seo orthu:

    Weinstein, Friedman, Schulman, Rosenblatt, chomh maith le Spitzer, Fellner, Levy, etc.

    ReplyDelete
  6. Samhlaím cuid acu le Giúdaigh. (Levy cinnte).

    Clann mór le rá i measc Giúdaigh na hEorpa ab ea Muintir Rothschild, abair.

    An amhlaidh atá?

    Chuala mé scéal grinn tráth ón am go raibh sloinnte Gearmánacha á bhrú ar Ghiúdaigh.

    Bhuail fear darbh ainm Krohn le fear darbh ainm Asch.

    Cá bhfuair tusa an "r" i do shloinne, a Krohn?
    I gcead duit, as do shloinne Asch!

    ReplyDelete
  7. Is Giúdaigh iad uilig. Tá cairde eile agam a bhfuil sloinnte neamh-Ghiúdacha orthu, mar atá Zimmerman, Scheuer, Shattenkirk, Koch, Schulke. Dúirt mo mháthair liom go raibh Krishbaum (sic) i measc mo shinsear féin, ach ní cuimhin liom cén áit go díreach.

    Tuigim A(r)sch, ach níl na focail Krohn / Kohn agam.

    ReplyDelete
  8. Ag cuir ina leith gurbh é Cohen (sagart) a fhíor sloinne a bhí sé.

    Bhí a lán brú agus a lán camastaíl ag an am (19ú aois, más buan mo chuimhne)

    Bhí ceann eile faoi fear a d'fhill ón cláraitheoir agus an Sloinne Schweissloch bronnta air. Ní raibh a bhean ró shásta. Ach dúirt sé "Féach, chosain an "w" úd na céadta orm!"

    [Is breá liom greann dubh, dóite na nGiúdach!]

    ReplyDelete
  9. Maidir le litreacha i sloinnte, an cuimhin leat an ceann faoi Jean Harlow agus Margot Asquith?

    ReplyDelete
  10. Níl sé agam, ach is féidir liom é a shamhlú. Maidir le Jean, pé scéal é.

    ReplyDelete
  11. Bhí Harlow ag cóisir, suite in aice le Margot Asquith (scríbhneoir agus bean Herbert Asquith an PM). Lean Harlow uirthi ag rá MargOT, le ‘t’ ag an deireadh. Bhris ar an bhfoighne ag Mrs. Asquith agus dúirt sí, “No, Jean, the ‘t’ is silent, as in Harlow.”

    ReplyDelete
  12. go raibh maith agat as sin a chur os mo chomhair.
    sloinnte breátha.

    ReplyDelete