26 Nollaig 2009

Newton Stone


Tá an Newton Stone á phlé ar an liosta Old-Irish-L faoi láthair. Seo pictiúir den téacs atá i gceist, nár aistríodh riamh. Deir cúpla scoláire gur “debased Roman letters” atá san inscríbhinn, ach níl siad ar aon intinn ar chor ar bith maidir le brí na litreacha





11 comments:

  1. An bhfuil aibitir mar sin i dteanga ar bith?

    ReplyDelete
  2. Spéisiúil. Tháinig mé ar an mblag seo thíos le tuairimíocht shuimiúil maidir leis an gcloch:

    http://stonecircles-and-stonehenge.blogspot.com/2007/10/newton-stone-brahmi-script-and-swastika.html

    ReplyDelete
  3. @ Liz - Tá script reatha Rómhánach ann (féach seo) ach níl sé furasta comhchoibhneas a dhéanamh idir na litreacha Rómhánacha sin agus na litreacha seo. Is dá bhrí sin a deirtear go bhfuil siad seo “debased”.

    @ Dubhaltach - Sea, chonaic mé é sin freisin. Ní dóigh liom go bhfuil aon rud ann dúinn, áfach.

    ReplyDelete
  4. Tá an swastika measartha soiléir, ach do réir mo thuiscint is forleathana (ársa?) ná cultúr na hInde an siombail úd.

    ReplyDelete
  5. @ Aonghus - Mo thuiscint féin, freisin, ach níl a fhios agam an bhfuil aon bhunús leis, dáiríre. Ní dóigh liom go raibh sé ró-choitianta mar shiombail san Eoraip riamh -- roimh an gcéad leath den chéad seo caite.

    ReplyDelete
  6. Agus níl eolas/fianaise ar bith againn do theanga na Cruithne, an bhfuil?

    ReplyDelete
  7. Is é comhdhearcadh na scoláirí anois ná gur teanga Bhriotainis (.i. Ceilteach) a bhí inti. Ach mar a dúirt tú níl mórán fianaise di fágtha againn ach logainmneacha agus ainmneacha daoine, móide cúpla inscríbhinn ar nós Chloch Newton nach dtuigeann éinne.

    ReplyDelete
  8. Dála an scéil, an bhfuil léamh ar an téacs ogham?

    ReplyDelete
  9. Tá, a bheag nó a mhór. Féach Newt/1/1 anseo.

    ReplyDelete
  10. 3 cheist:
    An Cruithnis atá ann?
    Ar tháinig na Cruithnigh faoi thionchar na Rómánaigh ó thaobh litriú na bhfocal srl?
    Ar tháinig an Cruithnis atá ar an gcloch roimh an Ghaeilge?

    ReplyDelete
  11. Trí cheist agus freagra amháin: níl a fhios againn. Bhuel, ócae, maidir le tionchar na Rómhánach, caithfear a rá go raibh sé sin ann más “debased Roman letters” atá iontu dáiríre.

    ReplyDelete