15 Nollaig 2009

dúshlán


Tá sceach i mo scornach!


Tugaim dúshlán lucht Photoshop (Ormondo agus Dubhaltach, mar shampla!) an leagan Gaeilge den chor cainte seo a léiriú.

4 comments:

  1. Corel Photo Paint a bhí agamsa ar an seanríomhaire agam. Faoi láthair tá Gimp agam ar an gceann nua (toisc é a bheith saor in aisce!).

    Níl Gimp chomh soláimhsithe dom agus a bhí an clár eile. Ní fhéadaim ach ach na cleasa is bunúsaí a chur i gcrích leis.

    Ach mar sin féin is deacair dúshlán a loiceadh!

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as do fhreagra, agus ag Aonghus as an gceann a chuir sé suas ar a bhlag!

    Is dócha gur chóir dom rud éigin cosúil le Photoshop a fháil don Mhac OS X atá agam... lá de na laethanta seo ...

    ReplyDelete
  3. Agus feicim anois go bhfuil dhá leagan ag Dubhaltach mac Éamoin Óig, mhic Éamoin, mhic Sheáin, mhic Mháirtín Óig, mhic Mháirtín, mhic Tomáis Uí Reachtair, bail ó Dhia air-sean (nó orthu? -- é féin agus gach duine a tháinig roimhe?) agus ar an bpótaire óna bhfuair sé iad!

    ReplyDelete