22 Nollaig 2009

Bloc na Nollag mar árachas dóiteáin



Seo mar a oibríonn sé:
  • Faigh píosa adhmaid, giúis más féidir, atá sách mór: chomh mór le do bhróg nó níos mó.
  • Cuir sa tine é Oíche Nollag agus lig dó lasadh.
  • Ansin cuir amach é agus fág amuigh é go mbeidh sé fuar.
  • Tabhair isteach arís é agus fág ansin é go ceann bliana agus le grásta Dé ní rachaidh an teach trí thine agus é ann.
Aon cheisteanna?

3 comments:

  1. Más nós fadbhunaithe é, ní dóigh liom gur chuideachta árachais a bhunaigh é. ;-)

    ReplyDelete
  2. Bailíodh an seanchas seo ar Oileán Mór Bhéarra i lár na caogaidí ó sheanbhean a rugadh sa bhliain 1861, Máiréad Ní Mhionacháin.

    ReplyDelete
  3. Suimiúil. Ceist - an oibríonn sé...:-)

    ReplyDelete