10 Nollaig 2009

“Blaí catt cuile.”



Tháinig cara linn chun dinnéir aréir. Bhí “feoil agus dhá veg” pleanáilte agam: an stéig mhairteola a dtugann muid London broil uirthi, bachlóga agus meacain bhána. D'fhág mé an stéig amh ar an gcuntar sa chistin agus chuaigh muid thuas staighre leis an athchóiriú a thaispeáint dár gcara. Nuair a d'fhill muid, bhí an stéig ar iarraidh. Fuair mé an stéig agus an dá chat leath bealaigh síos an staighre go dtí an t-íoslach. Ar an dea-uair dúinn, bhí ceann eile agam sa chuisneoir. Agus déanfaidh mé stobhach leis an stéig ghoidte tar éis dom an chuid chreimthe a ghearradh di.

Maidir leis na cait bhradacha, tá siad saor ó locht de réir Féineachais, dlí ár sinsear. Sa tráchtas Bretha Étgid tá an riail seo le fáil:

Blaí catt cuile.
Díolúine do chait an chistin.

Deir an tráchtaireacht a leanann é seo nach mbíonn locht ar úinéir an chait má fhágtar bia sa chistin gan airdeall gan aire. Tuigim ón mbreith seo go bhfuil an cat féin saor ó locht chomh maith.

8 comments:

  1. Hmm.

    Tá mana ar a deasc ag comhghleacaí liom: Bíonn uinéirí ag madraí. Foireann atá ag cait!

    (Ní catbhách mé!)

    ReplyDelete
  2. Team atá ag cat? Chuaigh mé Google, agus thuig mé ansin, ó nár chuala mé an mana sin riamh roimhe: a staff !
    :-)

    ReplyDelete
  3. B'fhéidir go raibh sé níos éasca iad a mhaitheamh toisc go raibh an stéig amh fós.
    Ach n'fheadar an bhféadfainn féin iad a mhaitheamh dá mbeadh an cuma bhlasta air -mar atá sa ghrianghraf thuas- i ndiaidh dom mo ghrá, m'am agus scil a chaitheamh air, á ullmhú.

    Agus is fearr na cait liom, freisin.

    ReplyDelete
  4. Ní bhíonn locht ar chat sa teach seo riamh!

    Mo léamh ar an rud - ná hithigí feoil...:-)

    ReplyDelete
  5. Fuair mé amach aréir cé acu a bhí ciontach sa ghníomh: Molly, an cat bídeach gleoite. Thug mé dhá phíosa stéig amh dóibh. Thosaigh Molly ag alpadh a píosa láithreach. D'fhan Mike ina sheasamh ag stánadh ar an ngreim álainn a thug mé dó. “Bia?” a dúirt sé. “An bia é seo? Ní dóigh liom é. Ní ithim ach bia cócaráilte. Ní ainmhí mé.”

    ReplyDelete
  6. Nach dtiteann an dúchas amach trí shúile an chait - agus isteach sa ghob leis an bhfeoil amh.

    Ach b'fhéidir nach raibh Mike ach ag ligean air - faoi mar a dhein an chéad duine firinscneach maidir le ceist an úill. -;)

    ReplyDelete