25 Nollaig 2009

aimsir leadránach



Tá crios ardbhrú ina shuí orainn anseo i gceantar Puget Sound faoi láthair. Tá scamaill ísle ina luí ar gcuid mhaith den réigiún dá dheasca, mar atá le feiceáil sa ghrianghraf seo a rinne Reid Wolcott, mac léinn in Atmospheric Sciences san Ollscoil anseo. Is iad na Sléibhte Olympic a fheiceann tú sa chúlra. An chéad rud a rinne mé ar an ríomhaire ar maidin ná dul go dtí suíomh Puget Sound Clean Air Agency le fáil amach an bhfuil burn ban i bhfeidhm sa chontae seo. Ní bhaineann muid a lán úsáide as an tinteán -- níl sé éifeachtach ná “glas” -- ach tá an tine go hálainn agus an-chairdiúil ar ócáidí speisialta, agus beidh cairde chunn dinnéir againn anocht. Ar an dea-uair dúinn, cé go bhfuil cosc ar thinte sna contaetha máguaird, tá an ghrian ag dealramh ar Sheattle agus tá cead againn bloc na Nollag a lasadh.

Go raibh solas agus teas gan smúit agaibh uilig anois agus san athbhliain!

3 comments:

  1. Go deas, draíochtúil.

    Ar shlí éigin neamhdíreach, cuireann tulra an ghrianghraif stíl phéintéireachta de chuid Henri Rosseau i gcuimhne dom.

    ReplyDelete
  2. Go mba hé duit, a chara!

    Radharc álainn é sin ó Reid. Bhí sé ina Gheimhreadh fuar reoiteach siocúil anseo in Inis Eoghain, chomh maith.

    Las muid tine, freisin, a Dennis, agus chuir sí go mór leis an atmaisféar - í go hálainn fáilteach teolaí ...:-)

    ReplyDelete
  3. Agus tine bhreá againne, freisin, ainneoin go n-ídíonn sí taise an aeir sa teach. Muid in ár suí go teolaí os a comhair ag imirt Scrabble fad a bhí an béile, turcaí agus liamhás, ag cócaráil san oigheann.

    ReplyDelete