29 Meán Fómhair 2009

scríobhaí tuirseach



Finit. Isam scithach.

“Críoch. Tá mé tuirseach.” Is iad seo na focail dheireanacha ón scríobhaí tar éis dó a théacs (LS D iv 2 de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann) a chríochnú. Tuigim dó, ach tá díomá orm nach bhfuil a pheannaireacht níos áille. An a oscailte an rud is suimiúla. Ní locht ná nuáil é seo, ach ní thaitníonn sé go mór liom.

8 comments:

  1. An bhfuil a fhios againn cé hé an scríobhaí?
    An bhfuil tuairim eolach ann?

    ReplyDelete
  2. Tá. Féach an LS ag ISOS.

    Scribes : Eoghan Ó Hachoideirn (see fo. 48b m.) : ff. 24-37, 44-54vb m., 58, 59, 66-71; Seáan Mac Aedacain (see ff. 54vb i., 89 inf. marg., and 87va i., where he styles himself “Sair Seon Mailéadanan,” in playful emulation of the Knights of the Round Table, whose story occurs infra in another hand) : ff. 53vb i., 54vb i., 74-89r; and an unnamed scribe, who wrote ff. 2-23va, 38-43, 55-57, 60-65, 72, 73. Later additions in unidentified hands occur on ff. 1, 23vb (inverted), 89v, and marginal notes passim (see infra). The scribes are contemporaries, or Seán Mac Aedacain is later than his fellow-scribes (cf. ff. 53 (55)vb, 54 (56)vb, 55 (57)a i., 84a i.); they were all probably fellow students. “Sair Seon Mailéadanan” reveals there location: “Dardain roim Chaise indiu dam i Cill Chormaic [Offaly]. Misi Sair Seon Mailéadanan” (fo. 87Va i); under his own name he states that he is writing “i mainistir Chilli Cormaic” (fo. 54vb i.).

    ReplyDelete
  3. an féidir leat na lámhscríbhinní ar "Meamram páipéar ríomhaire" a fheiceáil?
    Ní ligeann sé dom na leathanaigh a fheiceáil i méid atá níos mó!

    ReplyDelete
  4. Is féidir. Má tá na híomhánna móra uait, beidh ort "cead isteach" a fháil of Phádraig Ó Macháin ag Scoil an Léinn Cheiltigh (DIAS). Féach "Conas Teacht ar na hÍomhánnna":

    jpg mór (c. 1.5-5MB). I gcomhair scoláirí, mic léinn, agus a leithéid eile iad seo. Ní foláir clárú le ISOS ar dtús agus ansin beifear in ann teacht orthu ach logáil isteach a dhéanamh le ainm agus pasfhocal.

    ReplyDelete
  5. An é sin an chaoi a bhfuil tú ag teacht ar na lámhscríbhinní atá le feiceáil ar do bhlag?

    ReplyDelete
  6. An féidir leat an jpg beag a fheiceáil?

    ReplyDelete
  7. Is féidir liom an dá cheann a fheiceáil. Nach féidir leatsa na jpeganna beaga a fheiceáil? Shíl mé go raibh chuile dhuine in ann iad a fheiceáil.

    ReplyDelete